Maith an fear scéil thú
Tá Cillian Sheridan i ndiaidh iomrá a tharraingt air féin agus é ag i mirt anois mar thosaí ag Celtic i nGlaschú. Inné féin ba é a ba chúis le cic pionóis a lig do Celtic teacht ar ais sa chluiche i gcoinne Hamilton. Agus d'imir sé cluiche maith i gcoinne Man Utd. Níl Cillian ach 19 mbliana d'aois agus fad is go raibh sé ag fás aníos ní raibh ar a haird aige ach peil Gaelach. Agus ce gur roghnaigh an fear óg ó Chontae an Cabháin, ar chúis amháin nó eile, dul leis an sacar briseann an dúchas trí shúile an chait. Agus é i mbun agallaimh le hiriseoir in Albain an tseachtain seo thart scríobh an t-iriseoir nach dtiocfadh leis dul i dtaithí ar nós Cillian de bheith ag caint faoi 'sacar' in Albain seachas 'peil'. Is é peil an rud dúchasach a imrítear in Éirinn dar le Cillian. Agus nuair a fiafraíodh dó ar chuidigh an pheil Gaelach lena hoiliúint don sacar dúirt sé nár chuidigh ar chor ar bith. Ach amháin dá socródh lucht sacair ar cheadú do lucht a imeartha na lámha a úsáid. Ní amháin go n-imríonn Cillian go maith, labhrann sé go maith. ó tharla Celtic faoi chaibidil againn cad faoin póipín, agus an dóigh ar tugadh ar imreoirí Celtic póipín a chaitheamh an tseachtain seo thart. Samhail gur sin againn Koki Mizuno ón Seapáin, Andreas Hinkel ón Ghearmáin, an tIodálach Massimo Donati agus Cillian Sheridan ó Chontae an Cabháin agus gan aon rogha acu ach dul leis an phóipín agus trúupaí na Breataine a laochrú. Tá an rud armire. Más mian le daoine póipín a chaitheamh bíodh acu - ach ná tugtar ar dhuine ar bith rud a chaitheamh beag beann ar an tuairim ná an fonn atá orthu féin. Is a mhalairt de dhaonlathas é sin.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta