Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Oíche ar son na Palaistíne

eoghan @ 09:22

palestine20woman20and20children_zio.jpgBeidh 'Ceolchoirm na Nollag' á reáchtáil ag Gaeil ar son Gaza i mBéal Feirste 12 Nollaig. Is ar An Droichead, Bóthar Ormeau a bheidh an oíche shiamsaíochta agus beidh an brabús ón ócáid á cur chuig an chumann carthanachta 'Palestine Child.' Beidh Treasa Ní Cheannabháin ó Chonamara orthu sin a bheidh ag cuidiú le togra chun leigheas agus breagán a cheannach do pháistí sa Phalaistín. Tá £10 ar theicéad don ócáid, agus tqa suipéar eadtrom san áireamh sa táille sin. Bronntanas deas Nollag gan amhras ar bith. Tá lucht eagraithe na hocáide ag iarraidh ar dhaoine ar mhaith leo ticéad a cheannacht nó ticéad a dhíol don cheolchoirm dul i dteagmháil leo. Is féidir dul i dteagmháil liom féin ag eoghan@raidiofailte.com nó scairt ar Bhéal Feirste 90310013 agus cuirfidh mé do shonraí teagmhála ar aghaidh chucu.

Nótaí Tráchta(3) »

  1. An bhfuil an seanfhaltanas ag imeacht fós faoi ghné dhifriúl?
    An tAontachtaí ar thaobh na nIosraelach cionn is go bhfuil an Náisiúnaí ar thaobh na bPailistíneach?
    An tAontachtaí ar thaobh na nAifriceánach ( Frainc Muileoir agus "Sealadach Gorm" a bhaisteadh ar Mhandela ) cionn is go bhfuil an Náisiúnaí ar thaobh na nGormach san Afraic Theas ( tagairt éigin a rinne G. Mac Adaimh ar aontachtaithe ar aon dul agus Afraiceánaigh?

    Fearn — 2008-11-17 - 11:48:39 GMT 0

  2. Sa chás seo is tacaíocht do pháistí atá i gceist.
    An gcuireann sin as duitse nó do dhuine ar bith eile? Tacaim féin le héileamh na bpalaistineach ar a gcearta.
    Cé nach dtacódh?
    Ceist shimplí - ar cheart do náisiúnaigh gan a bheith ag tacú leis na palaistinigh nó leis an anc san am a d'imigh nó le dream ar bith eile go hidirnáisiúnta cionn is go bhfuil na dílseoirí ag tacú leis na hiosraelaigh nó leis an chine geal san afraic theas nó le rialtas na colóime nó dream ar bith eile? Tá claonadh ag na dilseoirí agus na haontachtaithe tacú le daoine a bhfuil an dearcadh céanna acu is atá ag na haontachtaithe féin. Ná cuir locht ar phobalachtaigh is náisiúnaigh as a bheith ag tacú le daoine ar mhaith leo daonlathas a chur chun tosaigh seachas a bheith ag taobhú le daoine ar mhaith leo cearta a shéanadh. Iarr ar aontachtaithe a meon a oscailt agus a bheith ag smaoineamh faoi cé acu nar cheart dóibh a bheith ag cuidiú le híospartaigh ar gach taobh seachas ag tacú go fonnmhar leis an dream is fearr armtha agus is mó cumhachta.
    Ta go leor Iosraelaigh nach dtacaíonn le huafáis a rialtais féin. Ach aisteach go leor níl aird ar bith ag na dílseoirí orthu sin.

    páistí palaistineacha — 2008-11-17 - 17:49:47 GMT 0

  3. Níor chuir mé locht, chuir mé ceisteanna.

    De réir mar a thuigim tá ós cionn leath de pháistí an domhain in ánás; mar sin caithfear an trua a dhíriú ar scair bheag dhe. Is díol suime dom mar a dhéantar an cinneadh sin, go háirid faoi scáth pholaitíocht na 6 chondae.

    Fearn — 2008-11-18 - 14:54:18 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>