Scríbhneoireacht Nua
Fáilte roimh tuilleadh mar é :
An Chéad chuimhne
A lámh in uachtar a’ tarraint orm buille
A glór do mo cháineadh ‘s do mo lochtú
M’fhéinphearsa a ghreadadh lá i ndiaidh lae
Ag dul do dhoirne ‘s do bhata air gan stad
Mo náiriú go hurchóideach os comhar an tsaoil
An deisiú teanga ag tabhairt gamail orm
Mo mhaslú le dreach agus neart a coirp
Ag ceistiú mo chéille ‘s mo chéadfaí
An tachrán beag óg neamhchruinn
A chruthaigh cur chuige cosanta
Bealaí éalaithe ‘s scéimeanna folaithe
A’ seachaint an chéasta ‘s an chnagtha
Gach ar theip air d’fhoghlaim mé uaidh
Ba lúibíneach cleasach glic mé mar dhéagóir
Anáil amú
Ar foluain faoi gheasa ar fhuaimthonnta na bpíobí
Friotail mhóra na milteanga ag ardú ar eiteogaí an bhroid
Dícheadal an gheasadóra ag adhmholadh na seanghríobh
Buille na saoirse i dtiompán na gcluas dár mbodhrú
Doirne druidte ag dul in airde le hortha an andoird
Clogadadh an chroí mar charnadh chrúb na stalán
Fáthchiall na gaiscíochta ‘s na calmachta dár ngríosadh
Rosc catha na n-óglach saonta, fodar na ngunnaí móra
Oirchilleach ar chomhraic ar son chúis na reitrice dalbhaidh
I ndiaidh an tsaoil sin uilig nach bhfuil ann ach anáil amú?
Wasted breath
Floating with out reason on the sound waves of the pipes
Grand language from sweet tongues rising on the wings of pride
The enchanter’s incantations eulogizing the old warriors
The beat of freedom thumping in our ear drums deafen us
Closed fists rising with the charm of the chant
The pounding heart like the stamping hoofs of young stallions
The metaphor of bravery and heroism inflames us
The war cry of the of the gullible volunteers, fodder for the big guns
Prepared to fight for the cause of the rhetoric of delusion
After all is said and done is it all just wasted breath


digg it
del.icio.us
Ana-dheas. Coinnigh ort.
Diarmuid Ó Síocháin — 2008-11-19 - 08:42:05 GMT 0