Minority Languages Act?
Más fíor go bhfuil comhréiteach de shaghas éigin oibrithe amach idir Sinn Féin agus an DUP a ligfeadh don fheidhmeannas dul ar ais i mbun oibre, bhuel, maith go leor. Ach de réir mar a thuigim níl comhaontú cuimsitheach ann - díreach ta na meáin ag dul thar fóir mar a dhéanann siad i rith an ama. Beidh dul chun cinn ar bheagán de na ceisteanna atá ina ábhar aighnis idir an dá mhórpháirtí ach tá an bhearna eadartha leathan go fóill. Oireann cruinniú den Fheidhmeannas ag an am seo do gach taobh ach níl comhaontú cuimsitheach ann, de réir mar a thuigim, comhaontú a ligfeadh do gach rud dul ar aghaidh mar a ba cheart. Ach i gcibé comhaontú teoranta sealadach atá socraithe cad é faoin Ghaeilge? Cad é go díreach a socraíodh maidir leis an Ghaeilge? Ní fada a bheidh orainn fanacht ach tá go leor scéaltaí ar maidin gur 'Minority Languages Act' atá á lua seachas Acht na Gaeilge. Beidh le feiceáil.


digg it
del.icio.us
Is an rud atá tábhachtach ná an substaint seachas an teideal, lig do na haontachtóirí a bheith gafa leis an teideal atá air.
Beidh le feiceáil
ggn — 2008-11-18 - 11:39:10 GMT 0
An rud is tábhachtaí ná tograí ar nos Lá Nua. Chlis ar Shin Féin air sin agus is tábhachtaí tograí mar sin ná Acht, dá fheabhas é.
Lisa Ní Dhálaigh — 2008-11-18 - 12:55:57 GMT 0
Sílim go mbeadh an dá thógra thuas luaite agus go leor tógraí eile ag cur le chéile, Lá Nua, Raidió Fáilte, An Cheathrú Ghaeltachta, na Gaelscoileanna go leir, na cláir teilifíse a dhéantar i dtuaisceart na hÉireann agus Acht na Gaeilge.
Tá cosaint de dhíth, agus ní thig leis an Ghaeilge maireachtáil in áit na leithphingine níos mó, ró-fhada a mhair sí, agus sin ráite tháinig bláth ar go leor, níl luaite agam thuas ach cúpla rud.
Dónall Mac Giolla Chóill — 2008-11-18 - 14:20:50 GMT 0