Ó Brollacháin chun cinn
Beidh Acht na Gaeilge faoi chaibidil ag Stormont amárach. Beidh Domiimic Ó Brollacháin ón SDLP ag léiriú sonraí an Private Members Bill a bheidh sé ag cur chun tosaigh ag Stormont, bille a mholann Acht na dTeangacha Oifigiúla a bheith sa tuaisceart. Anois, beidh sin iontach suimiúil.
Cibé faoi sin tá POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge, ag éileamh shocrú gasta ar cheist Acht na Gaeilge TÉ, ag éirigh as na cainteanna idir SF agus an DUP. Dúirt Janet Muller, ‘Astu siúd a chur freagraí isteach chuig an chéad phróiseas comhairliúcháin rialtasach ar an reachtaíocht, thacaigh 93% acu le moltaí POBAL d’Acht na Gaeilge. Tuigeann pobal na Gaeilge go mbíonn castachtaí agus deacrachtaí le gach babhta do chainteanna idir na páirtithe agus an dá rialtas. Ag an am céanna, cuireann sé inmí orainn anois go bhfuil ‘gnó coitianta’ le tosú arís sa Tionól gan aon ráiteas sonrach ar leith déanta faoi Acht na Gaeilge. Tá gealltanas Chill Rimhinn maidir leis seo go hiomlán soiléir. Gan eolas mionsonrach maidir leis na cinntí a ghlacadh le linn do na cainteanna is déanaí – má bhí cinntí glactha i dtaca leis an Ghaeilge de – is léir go líonfaidh na páirtithe polaitiula an bearna eolais seo le léamh s’acu féin ar cad é mar a sheasann cúrsaí. Déanfaidh sé seo fo-mhíniú ar mhuinínn phobal na Gaeilge sa phróiseas polaitíochta. Is mithid do na páirtithe bogadh chun tosaigh go haibí ar an cheist seo, agus Acht Gaeilge cuimsitheach, ceart-bunaithe a fhógairt gan moill.’


digg it
del.icio.us
de réir an agallaimh a rinneadh le GERRY KELLy ar TG4 anocht is léir nach bhfuil comhthuiscint dá laghad ag Sinn Féin agus an DUP ar chéist Acht na Gaeilge.Dar leat agus tú ag éisteacht leis go mbfhéidir nar pléadh an chéist ar chor ar bith ag na cainteanna is deireannaigh.
Séamus Mac Seáin — 2008-11-19 - 20:25:49 GMT 0
Ag caint i ndiaidh comhaontú idir Sinn Féin agus an DUP dúirt an tAire Gerry Kelly inniu go bhfuil Sinn Féin go fóill go hiomlán dírithe ar 'Acht Gaeilge fiúntach a bhaint amach."
Dúirt an tUasal Ó Cheallaigh,
"Tá an comhaontú seo idir na páirtithe iontach tabhachtach agus is maith an rud é go mbeidh cumhachtaí dlí agus ord lonnaithe anseo sna Sé Chontae.
"I dtaca le Acht na Gaeilge ba mhaith liom seo a shoiléiriú, tá Sinn Féin go hiomlán dírithe ar Acht a bhaint amach; ba é Sinn Féin an páirtí a chuir an Ghaeilge agus cearta Gaeilgeoirí ag croílár na gcomhcainteanna nuair a thosaigh said sna 1990í.
"Tá Acht Gaeilge do na Sé Chontae mar chuid de Comhaontú Cill Rímhín agus tá muidne i Sinn Féin chun leanstan leis an obair chun Acht Gaeilge a bhaint amach. Is teanga beo, bríomhar í an Ghaeilge agus tá pobal na Gaeilge eagraithe ar bhonn aontaithe agus glórmhar le leanstain leis an fheachtas chun Acht a bhaint amach.
"Tá a lán obair romhainn ach ta mise sásta go bhfuil Sinn Féin agus lucht na Gaeilge réidh don obair sin, mar a bhí muid i gcónaí."
preas ráiteas ó Shinn Féin , Gerry Kelly — 2008-11-20 - 10:42:38 GMT 0
Bhí mise ag an phreas-ócáid ag Doiminic Ó Brollacháin ar maidin. Dá rud a dúirt sé nó a cuireadh in iúl a thaitin go mór liom. Uimhir a h-aon gur cheart an Ghaeilge agus an Bhéarla a bhunú mar theangacha oifigiúla sa tuaisceart. Cuirfeadh sin deireadh le síorcheanglú Gaeilge agus Ultais. Maith an moladh. Dara rud, go mba cheart an bille seo a chur ar aghaidh chuig Westminster cionn is nach bhfuil an Tionól sásta nó in ann plé go cothrom leis an scéal. Cinnte. Is iad Parlimint Westminster a gheall an rud an chead lá anuas. Agus cad chuige ar ghá do lucht na Gaeilge fanacht ar bhiogóidigh frithGhaelacha sula gceadófaí a gcearta dóibh?
Agus dála an Scéil — 2008-11-20 - 13:49:49 GMT 0
Déan compáraid idir an doiciméad atá seolta inniú agus Acht na Gaeilge de chuid Pobal. Bhí mise ag roinnt do na cruinnithe cupla bliain ó shin nuair a bhí Pobal ag cur an cheist i mbéal an phobail don chéaduair. Níl cáipéis an SDLP chomh cuimsitheach, agus ár ndóigh, tá craiceann (agus ainm) eile curtha air, ach seachas sin, chor a bheith clásáil ar chlásail mar an gcéanna. Sampla eile do pholaiteoir ag seilbhiú obair an phobail is gan aitheantas cothrom a thabhairt ar an obair fhada dhaonlathach a rinneadh ag leibhéal an phobail?
Cairín — 2008-11-20 - 17:28:12 GMT 0
An difear is mó eadarthu ná nár mhaith le POBAL aon tagairt don Bhéarla mar theanga oifigiúil. Ach b'fhearr liom i bhfad an Ghaeilge bheith ceangailte leis an Bhéarla ná le hUltais / Albanais Uladh nó cibé rud a thugtar air. Féirphlé do Dhoiminic. agus tá súil as agam go mbeidh Sinn Féin in ann suim an pháirtí a chur taobh thiar de suim phobal na Gaeilge nuair a chuirfear an cheist os comhair an tionóil.
Seán Mac Muiris — 2008-11-21 - 13:48:41 GMT 0
'An dífear is mó eadarthu...' = déanann Pobal a chuid oibre féin.
Ní cosaint dúinn é labhairt faoi 'teangacha oifigiúla'. Dearfaidh na haontachtóirí go gcaithfear Ulster Scots a bheith ina 'teanga oifigiúil' chomh maith.
Agus amharc, seo anois na hargóintí ag toiseacht faoi cad é atá molta. Níl an rud againn is ní bheith más féidir leo muid a scoilt. Caithfear labhairt d'aon ghuth agus tacú le moltaí an phobail. Acht Gaeilge - anois!
Cairín — 2008-11-21 - 16:13:32 GMT 0
"Os rud é gurb í an Ghaeilge teanga dhúchais an Tuaiscirt, agus an phríomhtheanga oifigiúil sa chuid eile d’oileán na hÉireann,....., tá sé de dhualgas ar an Stát í a bhuanú in achan ghné de shaol phoibli, gheilleagair, shóisialta agus chultúrtha an Stáit mar cheann de dhá phríomhtheanga labhartha agus scríofa na sochaí seo." (Tag:Pobal:Aighneacht ar an doiciméad ‘Making a Bill of Rights for Northern Ireland’ ar son phobal na Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann).
Is dócha go bhfuil 'Gaeilge agus Béarla' i gceist ag Pobal nuair a luaitear 'dhá phríomhtheanga'!
An bhfuil drogall nó leisce ar Pobal 'Gaeilge agus Béarla' a bheith san Acht Gaeilge? Má tá,,cén fáth?
B'fhearr go mór an cur chuig atá i mBille Uí Bhrolchain, an
Ghaeilge agus an Béarla a bhunú mar theangacha oifigiúla
i dtuaisceart na hÉireann.
"Tá cumhacht an Rialtais a bhfuil dlínse aige sa dúiche atá i gceist bunaithe ar ‘lánurraim agus comhionannas do chearta sibhialta, polaitiúla, sóisialta agus cultúir, saoirse ón leithcheal do gach uile shaoránach, cothroime gradaim agus déileáil go coir comhionann le féiniúlacht, aetas agus toilmhianta an dá phobal’ – sin a deir Comhaontú Aoine an Chéasta. Chiallódh sé sin, i mo thuairim, go mba d’Acht Teanga ó Westminster 'Gaeilge agus Béarla' a aithint mar theangacha oifigiúla do Thuaisceart Éireann, agus bunphrionsabail eile a leagan síos." ( Tag: Pádraig Breandán Ó Laighin, Acht Teanga an Tuaiscirt :Feidhmeannas nó Londain?, Foinse,7Mean Fómhair 2008)
Éamonn Ó Gribín — 2008-11-25 - 22:02:24 GMT 0