Feer vie
Bhí Féile Cooish ar siúil ag deireadh seachtaine seo thart ar Oileán Mhanainn agus bhí roinnt de Ghaeil Bhéal Feirste i láthair ann. Dé hAoine thug siad cuairt ar bhunscoil Ghaeilge in St John's agus fuair siad amach go mbíonn Gaeilge na hÉireann á foghlaim ag an daltaí ann. Oíche Aoine bhí scoth an cheoil ann sa Centenary Centre i Peel. Dé Sathairn thug siad cuairt ar an áit i gcuideachta Annie Kissick, bean chéile le Phil Gawne, fear a chaith seal i bpríosún as a bheith ag tógáil seasamh láidir ar son na teanga agus an dúchas. An oíche sin bhí seisiún ollmhór ann i Port St Mary agus scoth an cheoil ar fáil ann. Seo tús le nasc lenár gcol ceathracha Ceilteacha, nasc a thit i léig i gceart ón am a bhí Horslips ag ceol as Mannainís. Ní amháin go bhfuil an buíon Gsael seo chomh spreagtha seo faoina gcuairt ar Oileán Mhanainn ach go bhfuil siad chéana féin ag beartú cuairt ar Chorn na Breataine. Feer vie! nó fíor mhaith mar a deir na hUltaigh.
Sa ghrianghraf thuas roinnt abairtí i Manannais ar mhata beorach -
jough ny ghaa - deoch nó dhó
jough - deoch
lhune - beer
sharoo - bitter
feeyn - wine
feeyn jiarg - red wine
ushtey bea - whiskey
juan shoyll - johnny walker
bainney ny baa doo - guinness


digg it
del.icio.us
Duine amháin as Béal Feirste!!!! Duine eile as Glinnte Aontroma agus duine as Ard Mhacha le smacht a choinneáil orthu ar fad
seánrua — 2008-12-05 - 13:28:03 GMT 0