Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Greann RTÉ

eoghan @ 08:54

robber1.jpgNach mór an t-athrú atá tagtha ar RTÉ!
Ar maidin ar Morning Ireland bhí píosa ann faoi ghlas-fhiontraithe agus an dóigh a dtiocfadh leo teacht ar airgead chun tús a chur lena ngnó nua. Bhí comhdháil faoin cheist i mBaile Átha Cliath inné agus tuairsc faoi sin.
Ba é an chéad sliocht a chualathas ar an tuairisc ná duine ag an chomhdháil ag rá gurb é an bealach chun airgead a fháil sna dálaí atá anois ann ná, 'Balaclava, gun!'
Bí ag labhairt faoi risque ag am nuair a bhíonn beirt nó triúr á scoileadh chun báis gach seachtain.

Nótaí Tráchta(2) »

  1. in ainm Dé a Eoghain tá tú ag éirí iontach "PC" níor chuala mé an clár ach déarfainn gur píosa íorón a bhí ann ar chomh deacair agus atá sé creidmheas a fháil ar na laethanta seo

    Séamus Mac Seáin — 2008-11-20 - 10:01:08 GMT 0

  2. Tá sé aisteach amach is amach an bealach atá RTÉ imithe go gruinneal an bharaille agus iad ag iarraidh lucht éisteachta/féachana. Tabhair faoi ndeara an rud a tharlaíonn nuair a bhionn fear grinn acu ar an Late Late Show - eascainí agus mionna móra. Agus ansan scéalta sna nuachtáin! Conspóíd!
    Dia linn is Muire ach ní doigh liom gur leas an phobail atá i gceist anseo.....

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-11-20 - 10:14:08 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>