Péas Caitliceach dona
'Catholic to be Attorney General' an ceannteideal a bhí ag an Irish News inné.
Is ionadh liom sin nó ní féidir creideamh John Larkin a úsáid mar shlat tomhais ar a chumas nó a éifeacht san am atá le teacht. Beidh le feiceáil.
D'oibrigh John Larkin go dlúth leis an DUP san am a d'imigh agus bhí sé ina bhall gníomhach den Alliance ar feadh roinnt blianta. Rudaí atá níos tábhachtaí mar shlat tomhais air ná an creideamh a luaítear leis.
Cibé faoi sin ba mhaith liom creidbheal go ndéanfaidh John Larkin difear ó thaobh chúrsaí dlí sa tuaisceart (bhí sé ar aon scoil liom, cad é mar nach mbeadh eirim ann!)
Thar aon rud eile tá duine de dhíth, ar stíl agus ar mhianach Nuala O'Loan, a chuirfeadh ar an DPP ó thuaidh a bheith freagrach don phobal. A thabharfadh ar an DPP a bheith ag gníomhú níos minice agus níos diograisí ar cheisteanna a bhaineann le heachtraí a tharla sa 'chogadh salach' a reáchtáil an RUC is fórsaí rúnda na Breataine agus dá réir.
Níl a fhios agam an mbeidh sé de mhianach ná d'acmhainn ag John Larkin sin a dhéanamh. Ach is ionadh liom an Irish News a bheith chomh tógtha sin faoi chreideamh John Larkin.
Bhí Caitlicigh san RUC orthu sin is díograisí a chuir a gcomhChaitlicigh faoi chois. Bhí cléir san eaglais Chaitliceach orthu sin a shéan airgead agus tacaíocht ar phobail cionn is an pholaitíocht mhícheart a bheith acu. Agus ba Chaitlicigh go smior cuid de na hiriseoirí sin a chaith cuid mhór ama ag díspeagadh iarrachtaí a gcomhChaitlicigh ar chothrom na Féinne sa tuaisceart. Mar a dúirt an tAthair Des Wilson tráth, 'Tá péas maith ann agus tá drochphéas ann - ní péas Caitliceach maith agus péas Protastúnach dona.'


digg it
del.icio.us
tuilleadh "PC" a Eoghain?.Is cinnte go mba abhar suime agamsa é Caitiliceach a bheith ceaptha ina Aturnae Ginearálta ar na sé chontae agus sin aontaithe ag an DUP.Ba é sin an scéal .Cad é a ba mhaith mar phríomh scéal ? " Dlíodóir ceaptha ina Aturnae Ginearálta"
Séamus Mac Seáin — 2008-11-20 - 10:11:19 GMT 0
An lá a cheapfar Caitliceach ó Iarthar Bhéal Feirste, nó Crois Mhic Lionáinn, le Gaeilge agus le 'attitude' an lá a bheidh difear sa chóras dlí ó thuaidh.
Ná fiú Protastúnach liobrálach a bheadh sásta seasamh ar son chearta a chomhshaoránaigh.
Níl a fhios agam cé acu Caitliceach nó Protastúnach í Nuala O'Loan. Ach Sasanach í a rinne cion fir (cion mná le bheith PC faoi) ar son an phobail náisiúnaigh agus a n-éileamh ar chearta.
Tchim an rud atá Séamas Mac Seáin ag maíomh. Ach uaireanta thig a bheith PC agus ceart.
An príomhsceal a ba cheart a bheith ann inné ná go bhfuil Sinn Féin chomh srianta sin anois sa chóras seo agus nach féidir leo ach tionchar beag a imirt ar cheapacháin mar seo.
Ní thiocfadh leo Lá a tharrtháil ná Acht na Gaeilge a fháil ná tionchar a imirt ar an DPP ná iad a bhogadh ar an 11+ ná fiche rud eile.
Agus in ainneoin na mbagairtí ar fad níor ghéill an DUP. Sinn Féin a chaoch súl ar dtús an iarraidh seo agus gach seans go mbeidh siad thíos leis feasta.
Agus deirim maith thú a Dhoiminic Uí Bhrollacháin atá i ndiaidh aird a tharraingt inniu ar a laghad is atá déanta ag Sinn Féin ó thaobh Acht na Gaeilge de.
A Eoghain, bíonn tú de shíor ag tabhairt amach faoin drocham a thugtar do Caitríona Ruane san Irish News. Cuid mhór de sin ta sé ag teacht chuici cionn is go bhfuil Doiminic Ó Brollacháin ag plé le cúrsaí oideachais don SDLP agus nach é atá maith.
Bíonn seisean ag cur na gceisteanna, ag fáil na bhfreagraí agus ag cur na meáin ar an eolas.
Is e an trua é nár lig Seamas Mallon dó teacht chun tosaigh cúpla bliain sular tharla an t-aistriú sin.
Ach sin ráite beidh obair ag Conor Murphy taoide Uí Bhrollacháin a stopadh.
Agus dála an scéil — 2008-11-20 - 10:34:57 GMT 0
B'é an John Larkin céanna, is cosúil, a bhí ag rá agus é ag déanamh ionadaíochta ar son an UPRG sa chúirt inné. ná raibh aon bhaint acu leis an UDA agus ná raibh aon cheart ag Margaret Ritchie baint dá maoiniú anuraidh. Dar leis an QC, go raibh an cinneadh sin ós cionn a grád pá....
Concubhar Ó Liatháin — 2008-11-20 - 11:38:01 GMT 0