Turasóireacht san Iarthar
Beidh comhdháil sa Chultúrlann ar 10.30 ar maidin De hAoine. - Seize the Moment - Tapaigh an deis is teideal don chomhdháil atá á eagrú ag Fáilte Feirste Thiar, dream atá freagrach as cur chun tosaigh na turasóireachta i mBéal Feirste Thiar. Beidh ionadaithe ó Northern Ireland Tourist Board ann mar aon le Tourism Ireland agus an Ceathrú Gaeltachta.
Tá sé le sonrú go bhfuil méadú mór ar líon na dturasóirí atá ag teacht go Béal Feirste Thiar. Cuireann sé iontas orm i gcónaí oiread sin turasóirí is a bhfeicim thíos ag coirneál Northumberland Street ar Bhóthar na bhFál agus iad ag tógáil grianghrafanna den bhalla iomlán de mhúrphictiúirí ansin.
Mo bharúil féin faoin tionscal seo. Measaim gur niche margadh iontach beag é turasóireacht a bhunú ar an pholaitíocht agus na trioblóidí agus iarsmaí na dtrioblóidí. Agus na daoine atá ag teacht faoi choinne a leithéid a fheiceáil tagann siad isteach go gasta, tógann grianghraf agus imíonn leo gan airgead a chaitheamh sa cheantar nó gan ach fiorbheagán a chaitheamh.
Tá fadhb mhór ann cionn is easpa lóistíne agus cionn is gan óstan a bheith anseo.
Ach tá fadhb eile ann fosta. Agus dar liom nach bhfuiltear ag déanamh margaíocht ar an cheantar ar bhealach cuimsitheach go maith.
Ba cheart pacáistí a chur ar fáil agus féacháil le daoine a mhealladh ar mhaith leo an taithí iomlán ar Bheal Feirste Thiar thar tréimhse seachtaine nó cúpla lá ar a laghad.
Ar na rudaí a bheadh ar fáil ann, ranganna Gaeilge/ceol traidisiúnta/cocaireacht na hÉireann; cuairt le saineolaí ar an Sliabh Dubh/ar Chluain an Bhogaigh/ ar Ghleann Chuilinn. Turas treoraithe thart ar reilig na Cathrach/Reilig Bhaile an Mhuilinn. Turas treoraithe polaitiúil thart ar an cheantar nó cuid de ag cur san áireamh an pholaitíocht ach fosta stair tionscála na cathrach agus stair tionsclaíochta Bhéal Feirste Thiar. Bheadh turas teoraithe den saghas céanna le déanamh ar cheantar na Seanchille mar chuid de sin chomh maith.
Slí na Gaeilge a bheith ann faoi mar atá Slí na Saoirse i mBoston (agus slíte turasóireachta in áiteanna eile), turas thart ar na háiteanna is mó a cheanglítear le Gaeilge an taobh seo baile.
Níl ansin ach cúpla smaoineamh. B'fhéidir go bhfuil sé ró-luath chun tabhairt faoina leithéid. Ach luath nó mall caithfidh Béal Feirste Thiar a aithint gur mó atá le tairscint don domhan ná na trioblóidí agus a iarsmaí.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta