Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Ceacht ó Thír na mBascach

eoghan @ 09:49

berria.jpgTá sé deacair eolas cruinn neamhspleách a fháil in amanna faoi imeachtaí i dTír na mBascach, Euzkadi.
Ach beidh faill ag éisteoirí Raidió Fáilte an t-eolas sin a fháil inniu nó beidh Martxello Otamandi, an fear atá i gceannas ar an nuachtán laethúil Bascaise, Berria, a chloisteáil agus é faoi agallamh agam ar Raidió Fáilte.
I measc rudaí eile cuimhníonn Martxello dom , agus é faoi agallamh, go bhfuil sampla Alban, atá ag lorg reifreann agus féinriail faoi cheannasaíocht Alex Salmond, go bhfuil sin i mbéal an phobail fud fad Euzkadi. Agus go bhfuil pobal Euzkadi maíte ar a leithéid de mhúnla a thriall iad féin.
Cuimhníonn sé go gcreideann Bascaigh anois, i bhfianaise teip shos cogaidh ETA anuraidh, gur an Bhruiséal an eochar chun cothromas a fháil dóibh féin seachas trí bheith ag labhairt le Madrid.
Agus luann sé pointe suimiúil go maith. Dar leis nach bhfuil ach dhá thír in Iarthar an Domhain a bhfuil sé de cheart acu reifreann a lorg chun briseadh ar shiúl ón aonad polaitiúil ina bhfuil siad.
Is iad sin Quebec - a dtig reifreann a lorg am ar bith chun fáil amach ar mhaith leis an tromlach imeacht ó Cheanada. Agus an stát eile a bhfuil an cumhacht sin aige .... na Sé Chontae!
Tá soláthar ann do reifreann sna Sé Chontae má mheasatar go bhfuil sciar nach beag den phobal ag iarraidh an tír a athaontú.
Beidh na ceisteanna seo agus tuilleadh faoi chaibidil ar an agallamh le Martxello Otamandi ar Raidió Fáilte ag meánlae inniu. Bhí Martxello ag Gradaim na hAislinge aréir ag Óstan an Europa aréir agus é iontach spreagtha a bheith ansin arís eile.
Bhí plé maith agam leis faoi Berria a dhíolann 20,000 cóip sa lá - agus nach é a bhí gonta faoi chruachás Lá. Agus inniu beidh sé ag triall ar Londain chun labhairt le lucht cearta daonna faoina ghabháil agus a chéasadh ag peas na Spáinne. Gabhadh é cionn is gur foilsíodh ráitéis le hETA ar an nuachtán Bascaíse a bhí ann ag an am.

Nótaí Tráchta(2) »

  1. Iontach maith. Euskal Herria an t-ainm Bascach ar Thír na mBascach ar fad ar ndóigh, Euskadi an ceantar féinrialaithe taobh istigh de stát na Spáinne amháin.

    Cuairteoir — 2008-11-22 - 14:09:15 GMT 0

  2. Ráchairt 20 000 ar a nuachtán, leoga

    Dar ndóigh, sin an difear idir lucht léite nuachtán Bascaise agus a mhacsamhail sa Ghaeilge

    Tá níos mó ná gaofaireacht i gceist

    Fearn — 2008-11-24 - 16:22:39 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>