Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Am do Enda imeacht - in ainneoin thacaíocht an Irish Times

eoghan @ 11:10

1534937.jpgMar a bheadh póg an bháis ann tá an Irish Times i ndiaidh moladh mór a thabhairt do Enda Ó Cionnaith agus d'Fhine Gael i ndiaidh chomhdháil dheireadh seachtaine an pháirtí. Ar ndóigh tá clú agus cáil ar eagarfhocal an Irish Times as a bheith ag cur airgead ar an chapall mícheart i rith an ama. Ní gá ach cuimhneamh ar an damnú a rinne siad ar Fhianna Fáil roimh an toghchán deiridh go dtuigfidh tú a scartha is a bhíonn eagarthóir an Irish Times ó na daoine a caitheann vóta. Mar a gcéanna lena n-achainí ar vótóoirí am reifreann Chonradh Liospóin. Gan trácht ar an damnú a rinne siad go rialta ar Bertie, ní luaithe an damnú i gcló ná gur léirigh a bpobalbhreitheanna féin go raibh dúil as cuimse ag daoine i mBertie ainneoin líomhaintí na gcoistí fiosrúcháin. Mar sin, bímís cúramach faoi chaint eagarthóra an Irish Times.
Ach sin ráite tá seans iiontach ag Fine Gael. Tá bloc vótóirí ó dheas a vótalann ar a leas féin am toghcháin. Is den mheánaicme is mó iad agus níl aon dhílseacht acu d'aon pháirtí ar leith. Vótálann siad don pháirtí a amharcfaidh ina ndiaidh ar ball. Sna 1990í thacaigh na vótóirí seo leis an Pháirtí Daonlathach agus chuir borradh iontach faoi mhionpháirtí. Ar ball thacaigh siad le Páirtí an Lucht Oibre agus bhí an Red Tide ag Dick Spring de bharr tacaíocht an bhloc seo. Thacaigh siad, don chuid is mó, le Fianna Fáil le tamall anuas cionn is gur fhreastal Fianna Fáil ar a gcuid riachtanais. Agus an chéad uair eile?
Go dtí seo tá an cuma ar an scéal go bhfuil na vótóirí sin ag brath dul i dtreo Fhine Gael an chéad uair eile. Ach tá píosa maith le dul sula mbeidh toghcháin na hEorpa agus an toghchán áitiúil ann ar an bhliain seo chugainn. Tá a fhios ag Fianna Fáil go bhfuil na vótóirí sin de dhíth orthu agus beidh codanna dá bpolasaí eacnamúla dírithe anois ar na vótóirí sin a mhealladh. Tá an PD imithe ach níl aon chinnteacht gur le Fine Gael a rachaidh na vótóirí sin an chéad uair eile. Níl aon mhórdhifear idir Fianna Fáil agus Fine Gael ó thaobh polasaithe de agus rachaidh oiread d'iar vótóirí an Pháirtí Daonlathaigh le Fianna Fáil is a rachaidh le Fine Gael.
Tá dhá mhórfhadhb le sárú ag Fine Gael más mian leo an lámh in uachtar a fháil ar Fhianna Fáil. Caithfidh siad polasaithe a fhorbairt atá chomh difriúil sin ó pholasaithe Fhine Gael is go dtig leo rogha a thabhairt don phobal. Amharc an rud a rinne David Cameron an lá faoi dheireadh nuair a chaith sé amach polasaí eacnamúla na gCoiméadach i Sasana agus chum polasaí nua.
Agus caithfidh siad fáil réidh le hEnda. Dar liom nach bhfuil Brian Cowen ag dul a spreagadh daoine taobh amuigh d'Fhianna Fáil. Ach chonaic muid Enda san fheachtas toghcháin deiridh. Chonaic mé é i go leor feachtais eile a bhí ag Fine Gael le blianta anuas. Tá sé in am d'Fhine Gael ceannaire nua a fháil a spreagfaidh an pobal, a bhrisfidh an múnla. Tá rud breise de dhíth orthu seachas polasaithe maithe agus tacaíocht eagarfhocal an Irish Times. Tá ceannaire nua uathu. Ach níl duine ar bith sa pháirtí sásta gníomhú ar an cheist sin. Agus in éagmais sin, gach seans, dar liom, go mbeidh Fianna Fáil ar ais i rialtas i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile.

Nótaí Tráchta - 1 »

  1. An-phíosa a Eoghain ach gur fhág tú as an áireamh gur comhrialtas atá i gceist is go mbeidh meá na cumhachta, gach seans, ag an Chomhaontas Glas sa chéad olltoghchán eile. Measaim go bhfanfaidh an CG le Fianna Fáil seachas dul le Fine Gael agus dá dtarlódh sin bheadh an bua ag Fianna Fáil. Seans a thabhairt d'Fhine Gael is Páirtí an Lucht Oibre i gcomhrialtas? Ní a fhad is go bhfuil Eamann Gilmore ag dul thart ag dearbhú gurb é 'Eamann Dearg' go fóill. Tá cruthaithe ag Fianna Fáil go dtig leo comhrialtas a choinneáil le chéile. Is beag duine a chreideann go mbeidh sin ar chumas Enda is Eamann.

    Glasaigh — 2008-11-24 - 12:12:54 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>