Cruinniú ag POBAL leis an Alliance
Ráiteas atá díreach éisithe ag POBAL
D’fháiltigh POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge ó thuaidh roimh cruinniú maidir le hAcht na Gaeilge TÉ le hionadaithe sinsearacha ó Pháirtí na Comhghuallaíochta (Alliance Party) ag Cnoc an Anfa inniu.
Bhuail ionadaithe POBAL, ceannródaithe ar Acht na Gaeilge, le Stephen Farry, Ian Parsley agus le Trevor Nunn ón Pháirtí. Dúirt Janet Muller, príomhfheidhmeannach POBAL, ‘Bhí an cruinniú dearfach agus tá muid ag dúil le tógail ar an teagmháil as seo amach. Tá rún anois glactha ag comhdháil de chuid an Pháirtí, ag tacu le hAcht na Gaeilge TÉ, agus fáiltíonn muid roimh an eochairfhorbairt seo ar sheasamh an pháirtí. Dúirt ionadaithe an Alliance inniu gur mhaith leo feabhas a fheiceáil ar chosaint na Gaeilge sa seirbhís craoltóireachta agus i gcúrsaí oideachais. Ag an chruinniú, rinneadh idirphlé chomh maith ar mholadh POBAL maidir le cur chuige ceart-bhunaithe, agus aontaíodh go bhfuil soiléireacht agus éifeachtach na reachtaíochta iontach tábhachtach.’
Dúirt Janet Muller, ‘Rinne POBAL i gcónaí iarracht culrá na moltaí s’againne maidir le hAcht na Gaeilge TÉ a chur chun chin ar bhealach loghciúil agus dlisteanach. Ní bheiDh muid féin ag teacht le gach moladh Phairtí na Comhghuallaíochta, ná iad linn, gan amhras ach inniu, fuair muid deis den chéaduair ag cruinniú den chineal seo, ár smaointe agus smaointe na saineolaithe dlí agus teanga, a chuidigh linn le hAcht na gaeilge a dhréachtú, a chur chun tosaigh. Seans nach mbeidh muid i gcónaí ar aon intinn le Páirtí na Comghulalaíochta, ach creideann muid gur chóir tógail ar na hiarrachtaí seo, barúlacha phobal na Gaeilge a shoiléiriú agus a mhíniú, agus sa dóigh seo, de réir a chéile, bogfaidh muid chun tosaigh i dtreo na sochaí úire.’


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta