Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Iúir Cinn Trá - a British town

eoghan @ 10:57

lot186.jpgIn amanna faigheann tú rudaí mícheart agus b'amhlaidh agam níos luaithe ar an bhlag seo inniu. Is é a bhí i gceist agam ná go raibh Conor Lenihan ar Questions and Answers aréir agus é ag cosaint an méid a dúirt John Gormley inné, nuair a dúirt Gormley go mba éigean teacht ar bhealach chun siopairí a stopadh ag dul ó thuaidh. Dhiúltaigh Conor Lenihan a ghlacadh leis gur jabanna Éireannacha iad jabanna Iúir Chinn Trá chomh maith. Mar sin cé chomh 'tírgrách' is atá Fianna Fáil? Ní amháin gur thug siad aitheantas don teorainn ach go bhfuil siad anois, le díograis, á brú. Dar le Fianna Fáil, mar a b'fhíor do na páirtithe eile ó dheas le fada, is ionann Éire agus na 26 Chontae.
Léiríonn an géarchéim airgidis atá faoi láthair ann a amaidí is atá sé teorainn a bheith ann. Níl ciall le dá ráta Cáin Bhreis Luachach a bheith ann sa dá dlísne, dá airgeadra, dá ráta cáin corpráideach, dá chóras difriúil do gach sórt. Ba cheart go spreagfadh an ghéarchéim seo plé ní faoi Iúir Cinn Trá a bheith ina 'British town' ach faoi athaontú na tíre seo ar bhonn eacnamúil le go dtiocfadh linn uilig ar an oileán oibriú as lámh a chéile ar son an phobail ar fad.
Léiríonn caint John Gormley is Conor Lenihan arís eile an gá le guth agus le polasaí fíorPhoblachtach a bheith i rialtas na 26 Chontae seachas an meon Saorstátach atá á gleasú ag Brian agus John mar 'Irish patriotism.'

Nótaí Tráchta(8) »

  1. Meabhraigh dom - an bhfuil Iúr Cinn Trá chomh Éireannach leis an Daingean? Níl sé chomh 'British le Finchley' ach níl sé chomh Éireannach leis an Daingean. Tá cuid den fhírinne ag John Gormley.

    Liam Ó Maolchiaráin — 2008-11-25 - 11:17:57 GMT 0

  2. Tá sé chomh hÉireannach le baile ar bith eile in Éirinn. Is í Éire ainm an oileáin. Mar sin is baile Éireannach í Iúr Chinn Trá. Tá Finchley sa Bhreatain mar sin is baile nó bruach bhaile Briotanach í.

    Má theastaíonn ó John Gormley rud eigean a dhéanamh ar son geilleagar na tíre agus a thír ghrá a leiriú, b'fheidir go gcuirfidh an ngéarchéim seo ar a shúile do nach ceist í an criochdheighilt saorga atá déanta ar an tír seo atá teoiriciúil ach atá impléachtaí aige. Anois nuair a chuireann an crioch dheighilt isteach ar an dream a bhí riamh anall ag fumbleáil sa 'greasy till', tá polaiteoirí agus lucht ghnó an daorstáít ag moladh tír ghrá. Is í Éire mo thír - déanfaidh mise mo shiopadóireacht áit ar bith ar oileán na hÉireann a fheileann sé dom.

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-11-25 - 13:35:02 GMT 0

  3. Agus, rud eile, tá daoine a bheadh den tuairim gur droch shampla an Daingean le lua sa phlé seo ón meid ar thárla le Dingle Daingean Uí Chúis agus atá ag titim amach leis an iarracht an Bhéarla a bhrú ar an bpobal scoil sa bhaile Gaeltachta seo.

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-11-25 - 13:36:28 GMT 0

  4. Agus, rud eile, tá daoine a bheadh den tuairim gur droch shampla an Daingean le lua sa phlé seo ón meid ar thárla le Dingle Daingean Uí Chúis agus atá ag titim amach leis an iarracht an Bhéarla a bhrú ar an bpobal scoil sa bhaile Gaeltachta seo.

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-11-25 - 13:36:30 GMT 0

  5. Chonaic mise an clár ar RTÉ aréir agus chuala mé an clap trap ó Fhianna Fáil is na Glasaigh le tamall anuas faoi bheith 'unpatriotic' dul ag siopadóireacht i mbaile Éireannach ( an tIúr) atá faoi smacht ag Gallaibh. Aisteach go leor ní raibh na Galasaigh glórach nuair a tugadh isteach crann bhréagach ón Fhrainc seachas crann Éireannach le bheith mar chrann na Nollag i mBaile Átha Cliath dhá seachtain ó shin. Agus b'iontach a chiúine is a bhí siad nuair a bhí Shell (comhlacht eachtrannach barrshaibhir) ag tromaíocht ar phobal Ros Dúmhach.
    Agus nach raibh Eibhlín Byrne, Ard Mhéara Baile Átha Cliath, ag moladh dúinn ar fad siopáil i mBaile Átha Cliath i mbliana seachas dul áit ar bith eile. 'Show a little patriotism' mhol Eric.
    Tá sé 'patriotic' a bheith ag bualadh bob ar an ísealaicme leis na blianta agus ansin a bheith ag tabhairt amach go bhfuil siad 'unpatriotic' cionn is go dtéann siad sin ag lorg slad mhargadh ar an Iúr. Is é póca an phobail a shocróidh ceist na siopadóireachta i mbliana beag beann ar chaint John is Conor is Brian, 'tírgráthóirí' páirt aimseartha. Más mian leo a bheith patriotic thig leo fáil réidh leis an teorainn a fhágann go bhfuil muid uilig níos boichte ná mar a ba cheart.

    Tírgráthóir - lán aimseartha — 2008-11-25 - 15:27:14 GMT 0

  6. Amaidí an rud seo ar fad. Gach seans go bhfuil an earra a cheannaíonn tú sa Phoblacht de dheantús na Síne, nó de dhéanamh na Gearmáine nó dá réir. Ceannaigh earraí Éireannacha cibé áit a bhfuil siad ar díol - in Iúr nó i mBaile Átha Cliath. Ach mise, ceannóidh mise an rud is saoire, cibé áit a bhíonn sé.

    Rí Rá — 2008-11-25 - 15:35:17 GMT 0

  7. san áimsear seo agus an bhróg ag teannadh orainn go léir sílim narbh mhiste do dhaoine siopadóireacht a dhéanamh go háitiúl má's féidir leo. Ní céist Éireannachais nó céist Bhriotanachais í seo .is céist shimplí ghéileagair atá ann.Dá laghad airigid a chaitear i mbaile ar bith is lú séirbhisí a bheas ar fáil sa bhaile sin agus is mó an dí fhostaíocht dá bharr mar sin bheadh sé chomh céillí agamsa mó chuid siopadóireacht nollag a dhéanamh i mBéal Feirste agus go mbeadh sé ag Concubhar a chuid a dhéanamh i gCúl Aodha.an manadh?. Má's gá a dhéanamh ar chor ar bith déan go haitiúl é agus le Gael má's féidir é.

    Séamus Mac Seáin — 2008-11-25 - 15:37:22 GMT 0

  8. A Liam,

    Is greannmhar an rud é a rá nach bhfuil an tIúr chomh hÉireannach le Daingean Uí Chúis. Tá na céadta comhartha Gaeilge sa chathair (comharthaí bóthair, sráide, siopaí srl.) agus níor chuala mé mórán daoine ag gearán futhú riamh - ní féidir an rud céanna a rá faoin Daingean breá Gaelach úd a luaigh tú thuas!

    RG Cuan — 2008-11-26 - 10:28:16 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>