Caint ealaíonta

Adolf sna hArda, leabhar le Cois Life, an scannán Hunger, mar aon le dá leabhar i mBéarla, 'The Book Thief' le Marcus Zusak agus 'The Knife of Never Letting Go' le Patrick Ness atá le bheith faoi chaibidl ar an chéad eagrán de 'Ealaíon na Déardaoine' ar Raidió Fáilte oíche Dhéardaoine. Tosóidh an clár ar 7.00 i.n. agus mar aon leis an phainéal stiúideó, Séamus Mac Aindreasa, Janet Muller is Dónall Mac Giolla Cóil, beidh míreanna ann leis an aisteoir Pádraig Ó Tuairisc agus leis an cheoltóir Eamon Ó Faogáin. Díreach cuid dá bhfuil i ndán duit ach tú éisteacht leis an chéad eagrán de 'Ealaíon na Déardaoine' ar Raidió Fáilte, Déardaoin, 7.00 ar 107.1fm nó ar líne ar www.raidiofailte.com Má tá aon ábhar a shíleann tú go mba cheart dúinn a bheith ag tuairisciú ar Ealaíon na Déardaoine gabh i dteagmháil linn ag eoghan@raidiofailte.com


digg it
del.icio.us
Is é seo díreach an cineál rud atá ag teastáil i saol na Gaeilge. Táim féin ar tí suíomh nua a sheoladh, icultur.ie, ina dtabharfar árdán don ealaíon is don litríocht Ghaeilge agus fóram chun fiúntas a phlé.
Maith sibh Raidió Fáilte - tá súil agam go mbeidh sibh ábalta teacht i dtír ar an gcuidiú a bhí ar fáíl go dtí seo ag Lá Nua le h-aghaidh 'Faoi Chaibidil' agus a rachadh amach as earnáil na Gaeilge i mbéal na Nollag seachas sibh é a lorg agus a fháil....
Concubhar Ó Liatháin — 2008-11-26 - 15:11:54 GMT 0
Thuineáil mise isteach agus bha clár eile ar siúil.
Cad é an squéal like?
Freagra — 2008-11-27 - 11:19:55 GMT 0
A Fhreagra - Oíche Dhéardaoin a mhic - seo an Déardaoin.
Muscailte — 2008-11-27 - 11:37:14 GMT 0
Muise, tá an cheart agat, bhí mé fhéin ag baint úsáide as na laethanda fíorghaelacha atá rud beag níos difriúla óna na laethanda Gallda seo a bíos a úsáid ag aos óg an lae inniu, nó an lae amárach duit féin is dócha.
Freagra — 2008-11-27 - 11:42:00 GMT 0