Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Cuir faoi ghlas iad

eoghan @ 10:38

prison-arrested.jpgIs iontach go bhfuil na bancanna sa tír seo agus i go leor tíortha eile mórán mar a bhí - in ainneoin iad a bheith freagrach as an ghéarchéim eacnamíochta is measa dár tharla le 100 bliain anuas, nach mór. Seachas na boic a bhriseadh as a bpost agus cuid acu a chaitheamh i bpríosún as mí-úsáid airgid phoiblí. Bhí Tomás Mac Siomóin istigh ag caint liom ar Raidió Fáilte ar na mallaibh faoin cheist seo. Chuimhnigh sé dom gur cuireadh daoine sinsearacha isteach i bpríosún sa Spáinn mar gheall ar a mí-éifeacht agus iad ag plé le hairgead an phobail. Agus gur lú a bhí an Spáinn thíos leis an ghéarchéim airgeadais de thairbhe fios a bheith ag na boic móra go mbeadh praghas le híoc acu dá mbeadh siad mí-éifeachtach. Anois, b’iontach dá mbeadh a leithéid de chóras i bhfeidhm anseo. Ach cé a chuirfeadh a leithéid i bhfeidhm anseo. Brian Cowen? A bhí ina Aire Airgeadais agus a bhí mar sin ar ailtirí na géarchéime ó dheas. Nó Gordon Brown, fear a stiúir an Bhreatain i dtreo na carriage agus atá i rith an ama ag moladh do dhaoine a bheith mí-stuama agus dul amach chun airgead a chaitheamh nach bhfuil acu. Seachas daoine a spreagadh chun dul amach ag caitheamh airgead breise creidim nach bhfuil daoine chun airgead breise a chaitheamh is cuma cén dóigh a spreagann an rialtas iad. Tá daoine maíte ar airgead a chur ar leataobh seachas níos mó a chaitheamh. Mar sin, teipfidh ar iarrachtaí Brown agus ansin rachaidh sé ag cur le cáin le go dtiocfadh leis cuid de na fiacha nua a ghlanadh. Agus carnfaidh sé níos mó fiacha agus .... Sea, b’iontach an seift Spáinneach ach go mbeadh orthu na polaiteoirí a chur faoi ghlas chomh maith. Agus caolsheans go dtarlódh sin.
Agus mé ag plé leis seo cuimhnítear dom an moladh a bhí ag Breandán Ó Mearáin agus é ag plé is ag caint leis na banaltraí fad is go raibh sé san ospidéal ag saothrú an bháis. Is é a dúirt sé gto mba cheart don rialtas sa Bhreatain agus rialtas na hÉireann faoiseamh bliana a thabhairt do dhaoine a bhfuil morgáiste acu, nach mbeadh ar dhaoine le morgáiste aon íocaíochtaí a dhéanamh go gcionn bliana. Rud a ligfeadh do gach duine le morgáiste tosú ag cur airgead éigin ar leataobh agus a bhainfeadh den ghéarchéim láithreach bonn. Moladh praictiúil pragmatach, rud a ba dhual do Bhreandán. Beidh agallamh le Breandán Ó Mearáin le cloisteáil ar Raidió Fáilte ar mheánlae Dé Luain seo chugainn.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>