Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

NUACHT SEIRBHÍS An Druma Mór

eoghan @ 11:27

mumbai1.jpgshoukribros2mw.jpgTá seirbhís nuachta le fáil anois, trí uaire in aghaidh an lae, ag An Druma Mór. Seo go díreach ceann amháin de na háiseanna breise a bheith á gcur ar fáil agus An Druma Mór ag forbairt agus ag forasú. Ar na príomhscéalta atá curtha ar fáil ar an seirbhís i láthair na huaire tá scéal Woolworths, dúshlán scoile do Caitríona Ruane, sceimhle i Mumbai, tórramh Ihab Shoukri agus roinnt scealta eile.
Tá an nuacht curtha ar fáil faoi láthair ar shuíomh eile seachas mar nasc ag taobh an leathanaigh seo. Beimid ag obair sna laethanta amach romhainn chun an nuacht a bheith mar chuid de phríomhleathanach an bhlaig seo.
Deanfar Nuacht An Druma Mór a uasdhatú cúig lá sa tseachtain, Luan go hAoine, ag 9.00 ar maidin, ag 2.00 tráthnóna agus ag 5.00 tráthnóna ó
Rud a léiróidh a thábhachtaí is atá an t-idirlíon i gcúrsaí nuachta, sa mhéid is gur féidir an nuacht a thabhairt suas chun dáta taobh istigh de roinnt uaireanta a chloig. Tá an seirbhís ar fáil ag
http://andrumamornuacht.blogspot.com/
Táthar ag obair air seo i rith an ama féacháil leis an nuacht a dhéanamh mar násc beo go dtí an suiomh seo ach fad is go bhfuil sin á réiteach is féidir an nuacht a fháil ach tú dul a fhad le
http://andrumamornuacht.blogspot.com
Má tá aon nuacht, go háirithe nuacht Gaeilge a ba mhaith leatsa a mholadh mar chuid den seirbhís nuachta thig dul i dteagmháil linn ag eoghan71@hotmail.com

Nótaí Tráchta(7) »

  1. Comharba "LÁ NUA" ? bullaí fir. na habair é déan é

    Séamus Mac Seáin — 2008-11-27 - 12:20:46 GMT 0

  2. Togha fir. An togra roimh an deontas. - díreach dála Lá. Croch suas é.

    Críostóir Mac Suibhne — 2008-11-27 - 12:50:27 GMT 0

  3. An féidir seo a chur ar fáil i bhfoirm clóite? Is iontach é ach is binn liom nuachtán clóite.

    Deaglán Kirby — 2008-11-27 - 18:11:08 GMT 0

  4. An féidir seo a chur ar fáil i bhfoirm clóite? Is iontach é ach is binn liom nuachtán clóite.

    Deaglán Kirby — 2008-11-27 - 18:11:10 GMT 0

  5. Direach ag brathnú ar an bhlag nuachta i gCeanada anois. Mór an tógail chroí.

    Jim Murray — 2008-11-27 - 20:37:37 GMT 0

  6. Aontaím leis an méid atá le rá ag Aonghus thar an an Nuachtbhlag, ba chóir go mbeadh míreanna nua ann le haghaidh scéalta nua ionas go mbeadh sé ag teacht suas ar RSS Google reader go rialta.
    Agus chun do chuid oibre a laghdú ba chóir go mbeadh níos mó ná duine amháin ag scríobh na míreanna .i. is féidir cead a thabhairt do dhaoine eile scríobh ar an mblag céanna má bhreathnaíonn tú faoi Settings/Permission.

    Cú Chonnacht — 2008-11-28 - 10:27:32 GMT 0

  7. mas scriobhneoir no file ,ealointoir no grianghrafadoir beidh failte romhat do chuid oibre a thaispaint ar an idirlion ag leinenuaantaoisigh.blogspot.ie. ma ta tuairimi ar bith agat ata do thochas scaoil amach iad!
    Leine Nua an Taoisigh Blog don ré nua!

    An Léine — 2009-03-28 - 22:34:15 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>