Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Ionsaí Mumbai ina ionsaí orainne

eoghan @ 11:06

NUACHT IS DEANAI GACH LÁ - Luan go hAoine - http://andrumamornuacht.blogspot.com/

15163510.jpgIs mó ar chuimhnigh an t-ionsaí ar Mumbai an Tet Offensive dom ná ‘gnáthionsaí’ den saghas a bhfacamar i gcathracha ar fud na cruinne, Nua Eabhrac, Iostanbúl, Madrid, Londain nó fiú Bali. Ba thubaiste míleata é an Tet Offensive a tharla i lár Chogadh Vítnaem. San ionsaí sin ghabh an Vietcong seilbh ar chuid de phríomhfhoirgnimh Mheiriceá i lár Saigon agus choinnigh smacht orthu faoi choinne roinnt laethanta. Chaill an Veitcong an dúrud fear san ionsaí ach bhain siad bua síceolaíochta iontach. Lá i ndiaidh lae bhí Meiriceánaigh ag breathnú ar scannán nuachta a léirigh trúpaí s’acu ar a gcosaint, faoi ionsaí, istigh i gceartlár Saigon. Sna háiteanna is ‘sabháilte’ acu. Bhréagnaigh an Tet Offensive gach rud a bhí ceannairí is lucht míleata Mheiriceá ag rá faoi bheith ag baint cogadh Vítnaem, faoin normáltacht a bheith i réim i mbunús na tíre.
Cibé dream a bhí taobh thiar den ionsaí ar Mumbai d’éirigh leo ar leibhéal amháin. Thug siad buille síceolaíochta eile don Iarthar, chuimhnigh dúinn nach bhfuil áit ar bith sabháilte do dhaoine as an Iarthar ná do lucht a cairdis. Níl áit ar bith ar domhan, beagnach, nach bhfuil an t-iarthar anois ann. Tá ceantracha nó ceathrúna ann i mbunús bailte, i mbunús cathracha, i mbunús tíortha, mar a bhfuil luachanna an Iarthair chun tosaigh ann. Go leor leor targaidí ag an dream ar mhaith leo sin a ionsaí. Agus in India is í Mumbai an cathair is Iartharaí dá bhfuil sa tír. Áit Bollywood, an áit a bhfuil rachmas agus lucht gnó agus daoine a shántaíonn na rudaí atá ag pobal an Iarthair. Cibé dream a d’ionsaigh Mumbai dearfainn go raibh sin ar chúl a n-intinne acu.
Dream éifeachtach a b’iad. D’éirigh leo ní amháin cúpla scor fear a bhailiú le chéile, a thraenáil, agus a chinntiú go raibh siad sásta a mbeatha a thabhairt. Ach d’éirigh leo daoine a roghnú nach raibh sásta focal a sceitheadh le cairde, ná le brathadóir ná le peas. Oibríocht mhór éifeachtach a bhí ann agus dar liom go bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leis.
Cibé dream a bhí freagrach as tá siad i ndiaidh an sceimhle, atá mar bhuanchuideachta ag pobal na Palaistíne is ag cosmhuintir na hAfganastáine agus ag bunadh briste Fallujah is Tikrit, an sceimhle sin a thabhairt a fhad le sráideanna Mumbai. Faoi mar a tugadh an sceimhle sin go sráideanna Londain agus sráideanna Madrid. Agus cá fios nach dtabharfar é feasta a fhad le sráideanna Bhaile Átha Cliath.
Tá troid le cur ar dhaoine mar iad, a dhéanann sleacht ar shibhialtaigh scun scan faoi mar a rinne gunnadóirí Mumbai.
Ach tá an díograis céanna de dhíth chun cur i gcoinne rialtais a bhfuil polasaí acu a fhágann na mílte sibhialtach marbh in ainm an ‘troid i gcoinne na sceimhle.’ Fad is go bhfuil an polasaí sin ag dul táthar ag cruthú an chéad ghlúin eile de bhuamadóirí is gunnadóirí féinmharfacha.

Nótaí Tráchta(3) »

  1. gineann éagóir fuath, gineann fuath mire,agus gineann fuath scéimhle . deireadh le héagóir deireadh le scéimhle

    Séamus Mac Seáin — 2008-11-28 - 15:40:17 GMT 0

  2. "Ionsaí Mumbai ina ionsaí orainne "?

    Cá bhfuair tú an domhandú seo?

    Más muidne na hiospairtigh, nach muidne na gníomhaithe freisin?

    Ionsaí Mumbai agus muidne ag ionsaí orthu ?

    Fearn — 2008-11-28 - 15:50:47 GMT 0

  3. Cad an cuspoir a bhí ag na daoine a d'ionsaigh Mumbai? Cad é an clár oibre acu? Thig leat plé le dream a bhfuil aidhm loighiciúil acu agus clár éileamh atá réadúil. Ach más rud é gur dream iad seo a gcreideann go bhfuil Dia á stiúir nó gur gá dóibh stát a bhunú ar phrionsabail an Taliban .... ní féidir rud ar bith a dhéanamh leo ach troid ina gcoinne. Maidir le hionsaí Mumbai agus an dearcadh gur ionsaí é 'orainne.' Is cinnte gur ionsaí a bhí ann ar dhaoine neamhurchóideacha nach bhfuil ceangal dá laghad acu leis na fórsaí armtha a bhíonn ag sladú daoine neamhurchóideacha san Afganastáin is san Iaráic nó sa Phalaistín.

    Lisa Ni Dhálaigh — 2008-11-29 - 16:49:41 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>