Ag tógáil leo sa Chultúrlann

Tuileadh nuachta ar sheirbhís nuachta laethúil An Druma Mór -
http://andrumamornuacht.blogspot.com/
Bhí suas le 100 duine i láthair oíche aréir sa Chultúrlann i mBéal Feirste do scoth oíche chuideachta agus eolais a d’eagraigh Forbairt Feirste mar chuid den fhéile ‘Cothaigh’, imeacht bhliantiúil chun aird a tharraingt ar bhealaí chun cinn do lucht gnó na Gaeilge sa chathair. Ba é an t-ailtire Iodálach aitheanta Mario Cucanelli, atá lonnaithe i mBologna ach ar as Genoa dó, príomhchainteoir na hoíche. Agus é á cur i láthair chuimhnigh an t-ailtire ó Bhéal Feirste Ciaran Mackle, nach le leithéidí an Titanic Quarter agus na foirgnimh ollchostasacha atá á maoiniú ansin a ba cheart tabhairt faoi athbheochan Bhéal Feirste ach le hailtireacht mhaith i gcomharsanachtaí, ailtireacht atá i dtiúin le riachtanais agus mianta an phobail a gcónaíonn nó a oibríonn ann nó an pobal atá ina gcónaí faoi chongar na háite. Labhair Mario Cucanelli tamall fada ach níor thuirsigh sé duine ar bith den lucht éisteachta. Cainteoir thar a bheith cumasach, thar a bheith spreagúil a ba é. I mbeagán focal chuir sé ar a súile do dhaoine lena chaint agus le sleamhnán go bhfuil foirngimh freagrach as 50% den fhuinneamh a úsáidtear ar fud na cruinne. Mar sin amach anseo seachas a bheith ag meas ailleacht ailtireacht ar an dreach is cuma atá ar fhoirgneamh beimid ag meas ailleacht foirgnimh ar a chuma agus ar an dóigh a réitíonn sé leis an timpeallacht. Inbhuanaitheacht an cloch is mó ar a phaidrín aige na saolta seo.
Mhínigh sé an dóigh a fhéachann sé ina chuid oibre ar fad ní amháin a bheith cruthaitheach, rud a d’fhéadfadh a bheith ar leas nó ar aimhleas daoine agus an ceantar ina tógtar áras, ach chomh maith leis sin lorgann sé iarracht ‘creative empathy’, le go mbeadh an foirgneamh ag teacht leis an áit a bhfuil sé agus leis an phobal agus leis an timpeallacht agus dá réir. Thaipseáin sé go leor samplaí d’fhoirgnimh atá dearaithe nó tógtha ag a chomhlacht siúd agus díol iontais a ba iad, foirgneamh i gcrut ‘lantern’ a thóg siad i mBeijing, foirgneamh barrghalánta agus iomlán feistithe le bheith ag baint leasa as an athrú aeráide, as plandaí agus eile. Mar a gcéanna le foirgneamh iontach a thóg siad i Rimini, agus Halla an Bhaile nua Bologna. Agus is é an togra is mó a bhfuil siad ag tabhairt faoi anois ná teach E100,000 – teach a bhfuil tóir mór air fud na hIodáile. Ní amháin cionn is go bhfuil teach galánta ann ar an phraghas sin. Ach go bhfuil sé iomlán i dtiúin leis an timpeallacht agus gan aon sceitheadh C20 ann. Rud a fháganna nach mbíonn billí fuinnimh srl le híoc acu. Tá ‘energy credits’ leis an teach seo agus díolann siad fuinnimh éigin leis an stát seachas a bheith ag íoc billí i rith an ama. Pictiúr den todhchaí gan dabht ar bith.
Ní raibh dreim leis ach i ndiaidh caint Mhario bronnadh gradaim air féin agus ar Aine Nic Gearailt. Bronnadh pictiúr atá ar líoin beag a rinne Robert Ballagh chun cuidiú le hairgead a bhailiú don Chultúrlann. Chuimhnigh Gearóid Mac Siacuis go raibh sí ag glacadh leis an ghradam ar son gach duine a d’oibrigh agus a oibríonn ag Lá Nua agus mar dhearbhú ar a thábhachtaí is atá sé go leanfaidh Lá ar aghaidh, faoi chruth amháin nó eile, i ndiaidh imeacht an deontais ó Fhoras na Gaeilge.
Agus é ag cur deireadh le cúrsaí mhaígh Dónall Mac Giolla Cóil, eagarthóir ar Lá Nua, go raibh siad ann chun éisteacht le tógálaí agus chun ómós a thabhairt dó. Tithe is árais a thógann Mario, dar leis, ach sa lucht éisteachta an oíche sin bhí daoine a thóg nuachtán laethúil Gaeilge, stáisiúin raidió, Cultúrlann, siopa leabhair, compántais drámaíochta, agus fiu féin ceantar iomlán do chlanna le Gaeilge ar Bhóthar Seoighe. Gan trácht ar an fhírinne nach mbeadh ann do Shráid Bombay i mBéal Feirste ach lucht na Gaeilge tabhairt faoina atógáil i gcuideachta le daoine eile.
Chuir sin clabhsúr ar oíche mhór mhaith ach tús le plé a leanfaidh amach anseo níos faide ná aon lá ná aon oíche amháin.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta