Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

'Tsunami faoi thrí' arsa Ó Céidigh

eoghan @ 15:25

o-ceidigh-6.bmpSeo agus tuilleadh scéalta úr té bruite ar an seirbhís nuachta
http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Dar le ceannasaí Aer Arann!, Pádraig Ó Céidigh, gurb é an iomaíocht ó Ryanair an rud is mó atá ag cur as do Aer Arann faoi láthair. Agus é ag caint le Bernie Ní Chuinn ó Raidió na Gaelteachta ag ócáid bhronnta Gradaim Pobail na Gaeltachta, bhain sé féin duais ann, dúirt an Céideach go bhfuil go leor fadhbanna san earnáil ó bhí 2001 agus 9/11 ann.
Ach ní raibh i gceist le 9/11 ach ‘tsunami eacnamíochta amháin’ dar leis, tsunami nár mhair i bhfad. Anois tá trí ‘tsunami’ i ndiaidh bualadh ceann i ndiaidh a chéile agus seachas a bheith gairid gonta tá siad fos ag cur as don earnáil. Luaigh sé an síorathrú ar phraghas an ola, an cúlú eacnamaíochta agus go háirithe, (nó dar leis gur seo an rud is mó acu ar fad ata ag cur as do Aer Arann), ná an iomaíocht ó Ryanair. Iomaíocht nach bhfuil cothrom in amanna dar leis agus luaigh sé sampla amháin ar a laghad leis sin. Luaigh sé fosta nach bhfuil ciall ná reasún leis an dian-‘iomaíocht’ seo nó sa deireadh níorbh fhéidir le hAer Arann dochar ar bith a dhéanamh do Ryanair ná bheith chomh mór le comhlacht Michael O’Leary. Dar leis gur seans go bhfuil ‘spriocanna pearsanta’ leis an iomaíocht nó gur léir nach bhfuil ciall eacnamúil lena leithéid.
Is é is measa faoi imeachtaí na bliana seo ná gur tharla trí 'tsunami' ceann i ndiaidh a chéile agus nach bhfuil cuma ar an scéal gur rudaí gonta gairid iad a bheidh críochnaithe faoin Nollaig.
Tá Aer Arann i ndiaidh 75 duine a ligean chun bóthair ach in ainneoin sin deir Pádraig Ó Céidigh go dtugann iompar Ryanair misneach dó seachas ag baint dá mhisnigh agus go bhfuil sé muiníneach go dtiocfaidh siad tríd an ghéarchéim atá anois ann.

Nótaí Tráchta(2) »

  1. Glacaim leis gur ag tagairt do Phádraig Ó Céidigh, ceannasaí Aer Arann atá tú. Nó an é go bhfuil fear Chonamara tar éis tairiscint a dhéanamh d'aerlíne Michael O'Leary agus Ó Laoire ag iarraidh Aer Lingus a cheannach!

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-12-01 - 17:12:30 GMT 0

  2. An fath gur luaigh mé é seo go raibh aighneas níos luaithe i mbliana idir Ó Céidigh agus O'Leary ar an abhar go bhfuil Ryanair ag iarraidh Aer Arann a chur as gnó! Agus an ghnó deas ag Ó Céidigh a shanntú le h-aghaidh Ryanair....

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-12-02 - 10:13:10 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>