Amharc san fhoclóir a amadáin
Táthar ag dul ar mire go fóill faoi cé acu an 'tírghrá' é a bheith ag siopadóireacht ó dheas agus gan teacht ó thuaidh nó nach é. Ar ndóigh ní tírghrá ná baol air atá i gceist ag polaiteoirí, lucht gnó nó tráchtairí ‘léannta’ agus iad ag caint faoi ‘tírghrá.’ Foclóir – Tírghrá – grá tíre. Níl na daoine seo ag caint faoin tír ar chor ar bith. Is Státghrá atá i gceist. Dá mbeadh unsa tírghrá ina gcorp acu bheadh siad ag amharc ar an ‘ghéarchéim’ seo mar ardán chun brú ar son Éire aontaithe, Éire mar a bheadh aontas airgeadra is eacnamíochta is iompair agus eile a bhainfeadh ar shiúil na coimhlintí seo maidir le dá airgeadra, dá ráta cánach, dá aerfoirt lámh lena chéile agus san iomaíocht lena chéile .... Ach i bhfírinne ba chuma liom dá dtiocfadh na polaiteoirí is lucht gnó is tráchtairí seo amach is go n-admhódh siad gur Státghrá atá i gceist acu seachas tírghrá. Mar is é an Státghrá a mhaígh Michael Mc Dowell as riamh. An Státghrá a ba cionnsiocair le gach a rinne John Bruton lena shaol polaitiúil. Agus tá Fianna Fáil lomlán de pholaiteoirí a shíleann gurb é an tírghrá an Státghrá. Bíodh acu. Ní féidir leat ach eolas a úsáid chun troid i gcoinne aineolais. Nó is léir go bhfuil cuid mhór polaiteoirí compórdach leis an bhréag seo. Creideann siad gur ionann an stát agus an tír. Mar sin ní fiú éirí tógtha faoi cé acu an tírghrá é a bheith ag siopáil ó thuaidh nó ó dheas, a bheith ag dul chuig Iúr Cinn Trá nó a fhad le Leitir Ceanainn. Do na daoine a bhfuil cónaí orthu cois teorann tá siad le blianta fada ag dul le cibé taoide is treise, bliain amháin tá an díbhinn breise ó dheas, bliain eile ó thuaidh. Agus in aois seo an idirlín agus siopadóireacht ar líne i bhfírinne is beag tairbhe a bheith ag caint faoi thírghrá i gcúrsaí siopadóireachta. Thig labhairt faoi tacú le siopadóirí agus siopaí áitiúil (agus sin i gcomhthéacs láidriú is cosaint do phobal féin) ach níl aon chiall leis i dtearmaí náisiúnta. Más mian le duine ar bith ar an oileán seo tírghrá a léiriú tá fiche dóigh lena dhéanamh. An rud a mholfainn féin ná a bheith ag baint ar shiúl gach bac is claí is constaic sa bhealach ar aontú na tíre seo.


digg it
del.icio.us
is cinnte gur áiféis atá sa chaint seo uilig ar thírghrá ach san am céanna tuigim don rialtas ó dheas. Tá dhá stát in Éirinn agus ní maith dúinn a shéanadh agus in áimsear seo na gearcéime ní bheinn féin ina ndhiaidh orthu a bheidh ag iarraidh airgid a choinneáilt sa stát a bhfuil ceannas acu air ach in áit a bheidh ag cáint ar thírghrá b'fhéidir nár mhisde dóibh iarraidh ar dhaoine gan airgead a chaitheamh sna sé chontae de bharr go bhfuil 15% de gach Euro a chaitheann siad ag dul chuig rialtas na Breataine leis an chogadh a throid in Írac agus Áfgainistan.
Séamus Mac Seáin — 2008-12-02 - 16:11:51 GMT 0
B'fheidir dá mbeadh Airí an Rialtais sásta a gcuid gruaige a fháil nite agus seidte sa bhaile, in áit i Florida ar chostas $410, go mbeadh creidiúint ag dul dá gcuid cainte faoi 'thír ghrá' agus 'cáin' a bheith á dhíol le HMG
Concubhar Ó Liatháin — 2008-12-02 - 17:58:34 GMT 0
Focal úr don fhoclóir: geilleagarghrá?
Fearn — 2008-12-03 - 15:35:32 GMT 0
Maith thu a Fhearn, glic agus greannmhar chomh maith!
Lisa Ní Dhálaigh — 2008-12-03 - 19:11:03 GMT 0
Go ndéana a mhaith dhuit, a Lisa.
Cuireann sé gogallach éin i gcuimhne dom!
Fearn — 2008-12-04 - 12:56:21 GMT 0
Ta se saibhir ag teacht on Rialtas seo lena mercs agus percs bheith ag iarraidh ar na gnáth daoine a chuid siopadóireacht a dheanamh sa bhaile ar costas níos daoire.Ní thuigeann an Rialtas seo chonas a mhaireann na cos muintir o lá go lae ar buiséad iseal
Sean Mícháel O`Donnchadha — 2009-01-17 - 08:22:39 GMT 0