Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Dúnmharú Rosemary Nelson

eoghan @ 11:52

tuilleadh faoi seo agus eile ar an nuachtsheirbhís ag

http://andrumamornuacht.blogspot.com/

nelson-carbomb385_210233a.jpg
Mharaigh dílseoirí (agus cá fios cairde leo sa phéasfhórsa) Rosemary Nelson. Anois tá iarracht ar bun ag fiosrúchán a bháis chun í a mharú arís - trí bheith ag cur gach sórt ina leith. Fad is go raibh sí beo bhí Rosemary Nelson ina chrá chroí ag an RUC. Bhí sí ró-chliste dóibh, ró-chumasach, ró-tugtha do thóir na fírinne. Agus chualathas ag an fhiosrúchán inné faoi dímheas an RUC uirthi, faoin dóigh a chreid péas ráfla a chuir dílseoirí amach go raibh sí i mbun caidrimh le Poblachtach mór le rá, go raibh sí ag cuidiú go rialta le 'lucht sceimhle.' Is iomaí líomhaoin a cuireadh i leith Rosemary Nelson inné agus níor cuireadh oiread is pioc d'fhianaise chun cinn leis na líomhaointí seo a chruthú. Mar níl aon fhianaise ann. Níl ann ach tuairim an Bhrainse Speisialta, an dream a damnaíodh ag gach duine a rinne iniúchadh ar an RUC i ndiaidh na dtrioblóidí, ó Patten go Nuala O'Loan. Is é is measa faoina a bhfuil ag titim amach anois ná seachas a bheith ag díriú an lóchrainn ar na marfóirí a chuir buama faoi charr dlíodóra agus a mharaigh í cionn is an obair a rinne sí, tá ardán á tabhairt do na líomhaointí is suairí a 'chualathas' faoi dhlíodóir a feallmharaíodh. Seachas a bheith ag smalú ainm Rosemary Nelson chuimhnigh imeachtaí an lae inné ag fiosruchán a mharuithe go raibh cúis agus go leor cúiseanna ag an RUC chun cuidiú lena marú. Agus más rud é go raibh an oiread de shamhnas orthu faoi Rosemary Nelson, iad den bharúil gur sceimhlitheoir í, cad é an meas a bhí acu ar dhlíodóirí eile a sheas an fód ar son a gcuid cliantaí i gcoinne an RUC. Cad é do mheas an barúil a bhí acu faoi Pat Finucane?

Nótaí Tráchta - 1 »

  1. Shocraigh clann Rosemary Nelson dul leis an leagan amach seo - fiosruchán nach mbeadh de thoradh air riamh ach toradh amháin - bhí an tÉireannach ciontach. Bíodh seo ina cheacht do mhuintir Finucane agus na daoine eile atá ag diúltiú dul leis an leagan amach seo. Níl cothrom na Féinne i ndán d'Éireannach ar bith a théann i muinín cúirteanna na Breataine. .

    Ciall ceannaithe — 2008-12-02 - 14:56:44 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>