Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Conradh Oslo i gcoinne cnuasbhuamaí

eoghan @ 11:19

Ta tuilleadh eolais faoi seo agus scéalta nuachta eile ar fáil ag
http://andrumamornuacht.blogspot.com/ nuachtsheirbhís laethúil An Druma Mór

cnuasbhuamai-3.jpgcnuasbhuamai.jpgSíneofar conradh idirnáisiúnta in Oslo inniu a chuirfidh cur cosc ar chnuasbhuamaí. Rinneadh an conradh a aontú ag comhdháil i bPáirc an Chrocaigh níos luaithe i mbliana. Go dtí seo dhiúltaigh Meiriceá, an Rúis, Iosrael agus roinnt mórthíortha eile tacú leis an chonradh ach meastar go mbeidh oiread sin brú orthu anois agus go mba léisc leo cnuasbhuamaí a úsáid. Tá toscaireacht polaiteoirí ón tír seo i láthair ag an chomhdháil. Tógadh na grianghrafanna ag comhdháil Pháirc an Chrocaigh i mí Bealtaine na bliana seo. Tá agallamh le John Rodsted, grianghrafadóir ón Astráil a oibríonn ar an fheachtas i gcoinne cnuasbhuamaí le cloisteáil ar an suíomh thíos. Labhair me leis ag an chomhdháil i bPáirc an Chrocaigh agus is iontach an scéal aige. Labhair mé fosta le Dáithí Ó Ceallaigh, taidhleoir le rialtas na hÉireann, a bhí ina chathaoirleach ar an chomhdháil. Tá an chéad agallamh i mBéarla, an dara ceann i nGaeilge agus Béarla. B'fhiú go mór iad a éisteacht. Craoladh iad ar Raidió Fáilte an chéad uair i mí Bealtaine na bliana seo i ndiaidh dom a bheith i láthair ag comhdháil Pháirc an Chrocaigh.
http://beta.yudu.com/library/item_details/25702/cnuasbhuama-----P--irc-an-Chrocaigh-?refid=8883

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>