TA AN BLAG SEO BOGTHA GO http://andrumamornuacht.blogspot.com
NUACHT SHEIRBHIS AN DRUMA MOR LA AGUS OICHE AG
http://andrumamornuacht.blogspot.com/ - NUACHT Lá agus Oíche
Ócáid ghleoite sa Chultúrlann De hAoine seo thart a thug spléachadh dúinn ar an dóigh a d’fhéadfadh a bheith ar an Cheathrú Gaeltachta ach daoine dul ina cheann le fonn, le díograis agus le samhlaíocht. D’eagraigh Forbairt Feirste, tionscnamh atá ag croí na Ceathrú Gaeltachta iad féin, d’eagraigh siad béile i gcaife na Cultúrlainne.
Dearfainn go raibh céad duine i láthair, chomh maith le buíon beag ceoltóirí agus dornán aíonna speisialta a thug óráidí iarbhéile.
Agus bhí am breá spraoiúil ag gach duine, ag mór ócáid sóisialta seo nab liana.
Seachtain roimhe sin stáitsigh daltaí Choláiste Feirste leagan breá lánGhaeilge den seó mórchlú ‘Grease.’
Sea, seo an Cheathrú Gaeltachta faoi lán seoil. Macasamhail go leor tionscnamh Gaeilge eile i mBéal Feirste, - Gaeltacht Bhóthar Seoighe, Coláiste Feirste, Lá, Raidió Fáilte, san áireamh – coincheap is ea an Cheathrú Gaeltachta. Níl mé féin fostaithe ag an Cheathrú Gaeltachta agus ní ball coiste mé.
Sac head dul síos is smaoineamh den chéad scoth é, thar barr, ceantar sáiniúil i mBéal Feirste a bheith ann a bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh ann, ceantar atá tíolactha don Ghaeilge ina bhfuil an Ghaeilge le feiceáil agus le cluinstin thar mar atá in áit ar bith eile i mBéal Feirste.
Ag croílár na Ceathrú Gaeltachta tá an Chultúrlann again, lárionad cultúir agus ealaíon leis an chaife agus an siopa leabhar, an amharclann, Raidió Fáilte agus na ranganna eagsúla a bhíonn ar siúl. Thios ón Chultúrlann tá Coláiste Ollscoile Mhuire, áit a mbíonn múinteoirí á n-oiliúint agus áiseanna teagaisc Gaeilge á n-ullmhú. Lena chois sin tá Gaelscoil na bhFál, Ionad Uíbh Eachach, sa chomharsanacht chéanna agus ar ndóigh Coláiste Feirste, nó an Mheánscoil mar a tugadh uirthi tráth.
An chéad mholadh a dhéanfainn chun feabhas a chur ar an choincheap bhreá seo ná go leagfaí teorainneacha na Ceathrú Gaeltachta amach go soiléir le comharthaí móra a chuireann fáilte romhat isteach agus a guíonn slán abhaile leat is nára fada go raibh tú ar ais linn. Ansin feachtas mór poiblíochta le cur in iúl do dhaoine cad é atá ar siúil, cá háit agus cá huair. Is gá ainm agus leagan amach agus cuspóirí na Ceathrú Gaeltachta a chur i mbéal an phobail ó cheann ceann chathair ársa stairiúil Bhéal Feirste, ar fud na tíre agus thar lear. Seo an áit le teacht más mian leat blaiseadh a fháil ar an Ghaeltacht uirbeach.
Agus eo rud eile. Amach anseo, an mbeadh sé indheanta coláiste samhraidh a chur ar bun, bunaithe ar eisimléair Oideas Gael i nGleann Cholm Cille mar shampla?
Tuigim go maith go bhfuil an chaint saor ach má tá díospóireacht le bheith again faoin cheist seo na Ceathrú Gaeltachta, bíodh sé againn, anois agus anseo. Bíodh se again ar Raidió Fáilte, bíodh sé again sa Chultúrlann. Agus bíodh baint lucht rialtais le forbairt na Ceathrú Gaeltachta. Cén fáth nach mbeadh iomrá ar Bhéal Feirste as na ceathrúna éagsúla ann, mar atá Páras na Fraince, agus Nua Eabhrac féin.
Sea, anois ag mé ina cheann, deirimi go mbeadh gné-chónaitheach riachantanach má tá le héirí leis an Cheathrú Gaeltachta amach anseo. Beidh ar Ghaeilgeoirí bheith ina gcónaí inti. Seo leat, sin é mo shá dom don am seo tá m’intinn ró-thuirseach ach go n-éirí go geal leis an Cheathrú Gaeltachta.


digg it
del.icio.us
Found your blog on Google and have enjoyed reading your posts. Nice work!
Sunshine Coast Search Engine Marketing
suncoastinternet — 2009-07-28 - 16:13:27 GMT 0