Ta an BLAG SEO BOGTHA GO http://andrumamornuacht.blogspot.com/

TA AN BLAG SEO BOGTHA GO http://andrumamornuacht.blogspot.com
NUACHT SHEIRBHIS AN DRUMA MOR LA AGUS OICHE AG

http://andrumamornuacht.blogspot.com/ - NUACHT Lá agus Oíche

Ócáid ghleoite sa Chultúrlann De hAoine seo thart a thug spléachadh dúinn ar an dóigh a d’fhéadfadh a bheith ar an Cheathrú Gaeltachta ach daoine dul ina cheann le fonn, le díograis agus le samhlaíocht. D’eagraigh Forbairt Feirste, tionscnamh atá ag croí na Ceathrú Gaeltachta iad féin, d’eagraigh siad béile i gcaife na Cultúrlainne.

Dearfainn go raibh céad duine i láthair, chomh maith le buíon beag ceoltóirí agus dornán aíonna speisialta a thug óráidí iarbhéile.

Agus bhí am breá spraoiúil ag gach duine, ag mór ócáid sóisialta seo nab liana.

Seachtain roimhe sin stáitsigh daltaí Choláiste Feirste leagan breá lánGhaeilge den seó mórchlú ‘Grease.’

Sea, seo an Cheathrú Gaeltachta faoi lán seoil. Macasamhail go leor tionscnamh Gaeilge eile i mBéal Feirste, - Gaeltacht Bhóthar Seoighe, Coláiste Feirste, Lá, Raidió Fáilte, san áireamh – coincheap is ea an Cheathrú Gaeltachta. Níl mé féin fostaithe ag an Cheathrú Gaeltachta agus ní ball coiste mé.

Sac head dul síos is smaoineamh den chéad scoth é, thar barr, ceantar sáiniúil i mBéal Feirste a bheith ann a bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh ann, ceantar atá tíolactha don Ghaeilge ina bhfuil an Ghaeilge le feiceáil agus le cluinstin thar mar atá in áit ar bith eile i mBéal Feirste.

Ag croílár na Ceathrú Gaeltachta tá an Chultúrlann again, lárionad cultúir agus ealaíon leis an chaife agus an siopa leabhar, an amharclann, Raidió Fáilte agus na ranganna eagsúla a bhíonn ar siúl. Thios ón Chultúrlann tá Coláiste Ollscoile Mhuire, áit a mbíonn múinteoirí á n-oiliúint agus áiseanna teagaisc Gaeilge á n-ullmhú. Lena chois sin tá Gaelscoil na bhFál, Ionad Uíbh Eachach, sa chomharsanacht chéanna agus ar ndóigh Coláiste Feirste, nó an Mheánscoil mar a tugadh uirthi tráth.

An chéad mholadh a dhéanfainn chun feabhas a chur ar an choincheap bhreá seo ná go leagfaí teorainneacha na Ceathrú Gaeltachta amach go soiléir le comharthaí móra a chuireann fáilte romhat isteach agus a guíonn slán abhaile leat is nára fada go raibh tú ar ais linn. Ansin feachtas mór poiblíochta le cur in iúl do dhaoine cad é atá ar siúil, cá háit agus cá huair. Is gá ainm agus leagan amach agus cuspóirí na Ceathrú Gaeltachta a chur i mbéal an phobail ó cheann ceann chathair ársa stairiúil Bhéal Feirste, ar fud na tíre agus thar lear. Seo an áit le teacht más mian leat blaiseadh a fháil ar an Ghaeltacht uirbeach.

Agus eo rud eile. Amach anseo, an mbeadh sé indheanta coláiste samhraidh a chur ar bun, bunaithe ar eisimléair Oideas Gael i nGleann Cholm Cille mar shampla?

Tuigim go maith go bhfuil an chaint saor ach má tá díospóireacht le bheith again faoin cheist seo na Ceathrú Gaeltachta, bíodh sé againn, anois agus anseo. Bíodh se again ar Raidió Fáilte, bíodh sé again sa Chultúrlann. Agus bíodh baint lucht rialtais le forbairt na Ceathrú Gaeltachta. Cén fáth nach mbeadh iomrá ar Bhéal Feirste as na ceathrúna éagsúla ann, mar atá Páras na Fraince, agus Nua Eabhrac féin.

Sea, anois ag mé ina cheann, deirimi go mbeadh gné-chónaitheach riachantanach má tá le héirí leis an Cheathrú Gaeltachta amach anseo. Beidh ar Ghaeilgeoirí bheith ina gcónaí inti. Seo leat, sin é mo shá dom don am seo tá m’intinn ró-thuirseach ach go n-éirí go geal leis an Cheathrú Gaeltachta.

Comments

EISIACH - Plépháipéar a bhí faoi chaibidil ag Stormont inné
Tá tuilleadh faoi seo agus faoi scéalta reatha eile ar an seirbhís nuachta,

http://andrumamornuacht.blogspot.com/

1 - The St Andrews Agreement of October 2006 committed the UK government to work with the incoming Executive to protect and enhance the development of the Irish and Ulster Scots Languages. This commitment was consequently included in amendments to the Northern Ireland Act 1998, placing duties on the Executive to adopt a strategy setting out how it proposes to enhance and protect the development of the Irish language and Ulster Scots language, heritage and culture.

2 – The Interdepartmental Charter Implementation Group, (ICIG) has begun consideration of a framework for a draft strategy for Northern Ireland’s Indigenous or Regional Minority Languages. It is planned that the strategy will be underpinned by the European Charter for Regional or Minority Languages and will meet a range of government commitments to both of these languages, including the commitments in Section 28D of the Northern Ireland Act 1998, mentioned previously.

The European Charter for Regional or Minority Languages

3 The Charter is an international convention designed to protect and promote regional or minority languages as a threatened aspect of Europe’s cultural heritage. It contains detailed undertakings designed to support the languages.

4- The UK ratified the European Charter for Regional or Minority Languages in 2001. The UK has recognised obligations to protect Ulster-Scots and Irish. Ulster-Scots has Part 2 status, Irish has Part 3 status.

Irish and Ulster-Scots

5-The development of a single strategy for regional minority languages is designed to highlight our shared heritage and to strive towards parity between the languages. It will be underpinned by our commitments in the Charter which already takes into account the position of each individual language and the strategy will do this also.

6 – It is recognised that the regional languages are at different stages of development for various reasons and it is intended that the strategy will recognise and address this.

Resources for the Strategy

7 – In considering the overall strategy the Executive will also need to consider resource issues. There may be scope for the reallocation of existing funding by Departments in order to resource the work on languages and in line with the priority they give to the provision of those resources. In addition the cross-departmental Languages Strategy will be underpinned by the European Charter for Regional or Minority Languages.

Consultation on the Languages

8 – The Interdepartmental Group has previously engaged with the Ulster-Scots Academy Implementation Group Partnership, Foras na Gaeilge and Pobal regarding some aspects of the development of the framework for the strategy, and has access to information from the previous consultation on the proposed Ulster Scots Academy and proposed Irish language legislation. Formal consultation will be built in as part of the policy development.

9 - The ICIG is made up of representatives of all Northern Ireland Departments and also from Whitehall Departments that operate in Northern Ireland. A framework for a draft strategy was presented to the ICIG on 28 October, and some initial comments have been received and will inform further drafting of the document.

10 – It is envisaged that the ICIG will be a key player in terms of the implementation of the strategy as it will be the responsibility of each Department to set out it’s own particular plans to achieve the objectives of the Strategy. It is also envisaged that the ICIG will remain the mechanism to report each Department’s progress on the implementation of the various aspects of the Charter.

Aims of the Strategy

11 – The high level principles of the Strategy

*overarching

*non-prescriptive

*needs based

*deliverable within existing resources

12 – The draft strategy framework will likely be based on the following aims

*create a framework where our indigenous minority languages can flourish and be shared by all who wish

*protect and support the development and learning of our indigenous minority languages and

*promote wider understanding of the background to the languages through recognition and respect for the relevant culture, heritage and tradition.

Current position

14 – The Minister therefore intends to submit a paper to the Northern Ireland Executive proposing the High Level Principles on which a Strategy for Indigenous or Regional Minority Languages in Northern Ireland will be based. This will highlight a number of key issues which need to be decided to inform the future shape and direction of the Strategy. The purpose of the paper will be to get a steer from the Executive on the proposed approach. This will allow a further more detailed work to be undertaken on the strategy in light of the Executives wishes.

15 – There will subsequently be formal consultation on the draft strategy during the development process.

Comments

http://andrumamornuacht.blogspot.com/ - NUACHT Lá agus Oíche
Comments

AN DRUMA MOR - NASC DON NUACHTSHEIRBHIS
Chun dul a fhad le nuachtsheirbhís laethúil An Druma Mór ní ghá ach dul a fhad leis an seoladh seo

http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Deantar an seirbhís a athnuachan trí uaire sa lá, ar 9.00r.n. ar 2.00 i.n. agus ar 6.00 i.n. Cuirfear fáilte roimh nuacht, fógraí, scéaltaí ach dul i dteagmháil le eoghan@raidiofailte.com

Comments

Conradh Oslo i gcoinne cnuasbhuamaí
Ta tuilleadh eolais faoi seo agus scéalta nuachta eile ar fáil ag

http://andrumamornuacht.blogspot.com/ nuachtsheirbhís laethúil An Druma Mór

Síneofar conradh idirnáisiúnta in Oslo inniu a chuirfidh cur cosc ar chnuasbhuamaí. Rinneadh an conradh a aontú ag comhdháil i bPáirc an Chrocaigh níos luaithe i mbliana. Go dtí seo dhiúltaigh Meiriceá, an Rúis, Iosrael agus roinnt mórthíortha eile tacú leis an chonradh ach meastar go mbeidh oiread sin brú orthu anois agus go mba léisc leo cnuasbhuamaí a úsáid. Tá toscaireacht polaiteoirí ón tír seo i láthair ag an chomhdháil. Tógadh na grianghrafanna ag comhdháil Pháirc an Chrocaigh i mí Bealtaine na bliana seo. Tá agallamh le John Rodsted, grianghrafadóir ón Astráil a oibríonn ar an fheachtas i gcoinne cnuasbhuamaí le cloisteáil ar an suíomh thíos. Labhair me leis ag an chomhdháil i bPáirc an Chrocaigh agus is iontach an scéal aige. Labhair mé fosta le Dáithí Ó Ceallaigh, taidhleoir le rialtas na hÉireann, a bhí ina chathaoirleach ar an chomhdháil. Tá an chéad agallamh i mBéarla, an dara ceann i nGaeilge agus Béarla. B'fhiú go mór iad a éisteacht. Craoladh iad ar Raidió Fáilte an chéad uair i mí Bealtaine na bliana seo i ndiaidh dom a bheith i láthair ag comhdháil Pháirc an Chrocaigh.

http://beta.yudu.com/library/item_details/25702/cnuasbhuama-----P--irc-an-Chrocaigh-?refid=8883

Comments

Amharc san fhoclóir a amadáin
Táthar ag dul ar mire go fóill faoi cé acu an 'tírghrá' é a bheith ag siopadóireacht ó dheas agus gan teacht ó thuaidh nó nach é. Ar ndóigh ní tírghrá ná baol air atá i gceist ag polaiteoirí, lucht gnó nó tráchtairí ‘léannta’ agus iad ag caint faoi ‘tírghrá.’ Foclóir – Tírghrá – grá tíre. Níl na daoine seo ag caint faoin tír ar chor ar bith. Is Státghrá atá i gceist. Dá mbeadh unsa tírghrá ina gcorp acu bheadh siad ag amharc ar an ‘ghéarchéim’ seo mar ardán chun brú ar son Éire aontaithe, Éire mar a bheadh aontas airgeadra is eacnamíochta is iompair agus eile a bhainfeadh ar shiúil na coimhlintí seo maidir le dá airgeadra, dá ráta cánach, dá aerfoirt lámh lena chéile agus san iomaíocht lena chéile .... Ach i bhfírinne ba chuma liom dá dtiocfadh na polaiteoirí is lucht gnó is tráchtairí seo amach is go n-admhódh siad gur Státghrá atá i gceist acu seachas tírghrá. Mar is é an Státghrá a mhaígh Michael Mc Dowell as riamh. An Státghrá a ba cionnsiocair le gach a rinne John Bruton lena shaol polaitiúil. Agus tá Fianna Fáil lomlán de pholaiteoirí a shíleann gurb é an tírghrá an Státghrá. Bíodh acu. Ní féidir leat ach eolas a úsáid chun troid i gcoinne aineolais. Nó is léir go bhfuil cuid mhór polaiteoirí compórdach leis an bhréag seo. Creideann siad gur ionann an stát agus an tír. Mar sin ní fiú éirí tógtha faoi cé acu an tírghrá é a bheith ag siopáil ó thuaidh nó ó dheas, a bheith ag dul chuig Iúr Cinn Trá nó a fhad le Leitir Ceanainn. Do na daoine a bhfuil cónaí orthu cois teorann tá siad le blianta fada ag dul le cibé taoide is treise, bliain amháin tá an díbhinn breise ó dheas, bliain eile ó thuaidh. Agus in aois seo an idirlín agus siopadóireacht ar líne i bhfírinne is beag tairbhe a bheith ag caint faoi thírghrá i gcúrsaí siopadóireachta. Thig labhairt faoi tacú le siopadóirí agus siopaí áitiúil (agus sin i gcomhthéacs láidriú is cosaint do phobal féin) ach níl aon chiall leis i dtearmaí náisiúnta. Más mian le duine ar bith ar an oileán seo tírghrá a léiriú tá fiche dóigh lena dhéanamh. An rud a mholfainn féin ná a bheith ag baint ar shiúl gach bac is claí is constaic sa bhealach ar aontú na tíre seo.

Comments

Dúnmharú Rosemary Nelson
tuilleadh faoi seo agus eile ar an nuachtsheirbhís ag

http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Mharaigh dílseoirí (agus cá fios cairde leo sa phéasfhórsa) Rosemary Nelson. Anois tá iarracht ar bun ag fiosrúchán a bháis chun í a mharú arís - trí bheith ag cur gach sórt ina leith. Fad is go raibh sí beo bhí Rosemary Nelson ina chrá chroí ag an RUC. Bhí sí ró-chliste dóibh, ró-chumasach, ró-tugtha do thóir na fírinne. Agus chualathas ag an fhiosrúchán inné faoi dímheas an RUC uirthi, faoin dóigh a chreid péas ráfla a chuir dílseoirí amach go raibh sí i mbun caidrimh le Poblachtach mór le rá, go raibh sí ag cuidiú go rialta le 'lucht sceimhle.' Is iomaí líomhaoin a cuireadh i leith Rosemary Nelson inné agus níor cuireadh oiread is pioc d'fhianaise chun cinn leis na líomhaointí seo a chruthú. Mar níl aon fhianaise ann. Níl ann ach tuairim an Bhrainse Speisialta, an dream a damnaíodh ag gach duine a rinne iniúchadh ar an RUC i ndiaidh na dtrioblóidí, ó Patten go Nuala O'Loan. Is é is measa faoina a bhfuil ag titim amach anois ná seachas a bheith ag díriú an lóchrainn ar na marfóirí a chuir buama faoi charr dlíodóra agus a mharaigh í cionn is an obair a rinne sí, tá ardán á tabhairt do na líomhaointí is suairí a 'chualathas' faoi dhlíodóir a feallmharaíodh. Seachas a bheith ag smalú ainm Rosemary Nelson chuimhnigh imeachtaí an lae inné ag fiosruchán a mharuithe go raibh cúis agus go leor cúiseanna ag an RUC chun cuidiú lena marú. Agus más rud é go raibh an oiread de shamhnas orthu faoi Rosemary Nelson, iad den bharúil gur sceimhlitheoir í, cad é an meas a bhí acu ar dhlíodóirí eile a sheas an fód ar son a gcuid cliantaí i gcoinne an RUC. Cad é do mheas an barúil a bhí acu faoi Pat Finucane?

Comments

'Tsunami faoi thrí' arsa Ó Céidigh
Seo agus tuilleadh scéalta úr té bruite ar an seirbhís nuachta

http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Dar le ceannasaí Aer Arann!, Pádraig Ó Céidigh, gurb é an iomaíocht ó Ryanair an rud is mó atá ag cur as do Aer Arann faoi láthair. Agus é ag caint le Bernie Ní Chuinn ó Raidió na Gaelteachta ag ócáid bhronnta Gradaim Pobail na Gaeltachta, bhain sé féin duais ann, dúirt an Céideach go bhfuil go leor fadhbanna san earnáil ó bhí 2001 agus 9/11 ann.

Ach ní raibh i gceist le 9/11 ach ‘tsunami eacnamíochta amháin’ dar leis, tsunami nár mhair i bhfad. Anois tá trí ‘tsunami’ i ndiaidh bualadh ceann i ndiaidh a chéile agus seachas a bheith gairid gonta tá siad fos ag cur as don earnáil. Luaigh sé an síorathrú ar phraghas an ola, an cúlú eacnamaíochta agus go háirithe, (nó dar leis gur seo an rud is mó acu ar fad ata ag cur as do Aer Arann), ná an iomaíocht ó Ryanair. Iomaíocht nach bhfuil cothrom in amanna dar leis agus luaigh sé sampla amháin ar a laghad leis sin. Luaigh sé fosta nach bhfuil ciall ná reasún leis an dian-‘iomaíocht’ seo nó sa deireadh níorbh fhéidir le hAer Arann dochar ar bith a dhéanamh do Ryanair ná bheith chomh mór le comhlacht Michael O’Leary. Dar leis gur seans go bhfuil ‘spriocanna pearsanta’ leis an iomaíocht nó gur léir nach bhfuil ciall eacnamúil lena leithéid.

Is é is measa faoi imeachtaí na bliana seo ná gur tharla trí 'tsunami' ceann i ndiaidh a chéile agus nach bhfuil cuma ar an scéal gur rudaí gonta gairid iad a bheidh críochnaithe faoin Nollaig.

Tá Aer Arann i ndiaidh 75 duine a ligean chun bóthair ach in ainneoin sin deir Pádraig Ó Céidigh go dtugann iompar Ryanair misneach dó seachas ag baint dá mhisnigh agus go bhfuil sé muiníneach go dtiocfaidh siad tríd an ghéarchéim atá anois ann.

Comments

Nuacht ar Líne - i nGaeilge - gach lá
Tá seirbhís nuachta ar líne ar fáil ó

http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Déantar an seirbhis a uasdhatú trí uair sa lá - ar 9.00 r.n. ar 2.00 i.n. agus ar 5-6.00 i.n. Táimid faoi láthair ag iarraidh ar aon duine ar suim leo ábhar a chur ar fáil don seirbhís nó ar mhaith leo cuidiú ar shlí ar bith dul i dteagmháil le hEoghan Ó Néill ag eoghan@raidiofailte.com

Mar aon le scéalta nuachta i gcló tá cláir le Raidió Fáilte agus agallaimh faoi leith á cur ar fáil ag an suíomh nua ag

http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Inniu tá agallamh le Frank Reedy, iarcheannfort in arm na hÉireann, le cloisteáil ann agus é ag caint faoi drochchás shaighdiúirí na Breataine san Afganastáin na saolta seo.

Ar na míreanna nuachta ar maidin - Roy Keane , imeacht nó fanacht, Michael O 'Leary ag iarraidh Aer Lingus a cheannach - Culturlann Dhoire le hainmniú i gcuimhne ar Sheán Ó Canainn, Lá Idirnáisiúnta SEIF agus fiche scéal eile.

http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Comments

Éist le Seó Ealaíona Raidió Fáilte!
Éist le Seó Ealaíona Raidió Fáilte!

http://beta.yudu.com/library/item_details/25056/Se---Eala--ne-?edit_mode=on

Tá teacht ar sheó ealaíona Raidió Fáilte ag an seoladh seo. Orthu sin a bhí páirteach sa chlár, Séamas Mac Aindreasa, Dónall Mac Giolla Cóil, is Janet Muller, an painéal stiúideó. Agus tá míreanna eile ann ó an ceoltóir Eamann Ó Faogáin, an t-aisteoir Pádraig Ó Tuairisc agus Caoimhe Ní Chathail.

http://beta.yudu.com/library/item_details/25056/Se---Eala--ne-?edit_mode=on

Tá teacht ar sheó ealaíona Raidió Fáilte ag an seoladh seo. Orthu sin a bhí páirteach sa chlár, Séamas Mac Aindreasa, Dónall Mac Giolla Cóil, is Janet Muller, an painéal stiúideó. Agus tá míreanna eile ann ó an ceoltóir Eamann Ó Faogáin, an t-aisteoir Pádraig Ó Tuairisc agus Caoimhe Ní Chathail.

Comments

Ag tógáil leo sa Chultúrlann
Tuileadh nuachta ar sheirbhís nuachta laethúil An Druma Mór -

http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Bhí suas le 100 duine i láthair oíche aréir sa Chultúrlann i mBéal Feirste do scoth oíche chuideachta agus eolais a d’eagraigh Forbairt Feirste mar chuid den fhéile ‘Cothaigh’, imeacht bhliantiúil chun aird a tharraingt ar bhealaí chun cinn do lucht gnó na Gaeilge sa chathair. Ba é an t-ailtire Iodálach aitheanta Mario Cucanelli, atá lonnaithe i mBologna ach ar as Genoa dó, príomhchainteoir na hoíche. Agus é á cur i láthair chuimhnigh an t-ailtire ó Bhéal Feirste Ciaran Mackle, nach le leithéidí an Titanic Quarter agus na foirgnimh ollchostasacha atá á maoiniú ansin a ba cheart tabhairt faoi athbheochan Bhéal Feirste ach le hailtireacht mhaith i gcomharsanachtaí, ailtireacht atá i dtiúin le riachtanais agus mianta an phobail a gcónaíonn nó a oibríonn ann nó an pobal atá ina gcónaí faoi chongar na háite. Labhair Mario Cucanelli tamall fada ach níor thuirsigh sé duine ar bith den lucht éisteachta. Cainteoir thar a bheith cumasach, thar a bheith spreagúil a ba é. I mbeagán focal chuir sé ar a súile do dhaoine lena chaint agus le sleamhnán go bhfuil foirngimh freagrach as 50% den fhuinneamh a úsáidtear ar fud na cruinne. Mar sin amach anseo seachas a bheith ag meas ailleacht ailtireacht ar an dreach is cuma atá ar fhoirgneamh beimid ag meas ailleacht foirgnimh ar a chuma agus ar an dóigh a réitíonn sé leis an timpeallacht. Inbhuanaitheacht an cloch is mó ar a phaidrín aige na saolta seo.

Mhínigh sé an dóigh a fhéachann sé ina chuid oibre ar fad ní amháin a bheith cruthaitheach, rud a d’fhéadfadh a bheith ar leas nó ar aimhleas daoine agus an ceantar ina tógtar áras, ach chomh maith leis sin lorgann sé iarracht ‘creative empathy’, le go mbeadh an foirgneamh ag teacht leis an áit a bhfuil sé agus leis an phobal agus leis an timpeallacht agus dá réir. Thaipseáin sé go leor samplaí d’fhoirgnimh atá dearaithe nó tógtha ag a chomhlacht siúd agus díol iontais a ba iad, foirgneamh i gcrut ‘lantern’ a thóg siad i mBeijing, foirgneamh barrghalánta agus iomlán feistithe le bheith ag baint leasa as an athrú aeráide, as plandaí agus eile. Mar a gcéanna le foirgneamh iontach a thóg siad i Rimini, agus Halla an Bhaile nua Bologna. Agus is é an togra is mó a bhfuil siad ag tabhairt faoi anois ná teach E100,000 – teach a bhfuil tóir mór air fud na hIodáile. Ní amháin cionn is go bhfuil teach galánta ann ar an phraghas sin. Ach go bhfuil sé iomlán i dtiúin leis an timpeallacht agus gan aon sceitheadh C20 ann. Rud a fháganna nach mbíonn billí fuinnimh srl le híoc acu. Tá ‘energy credits’ leis an teach seo agus díolann siad fuinnimh éigin leis an stát seachas a bheith ag íoc billí i rith an ama. Pictiúr den todhchaí gan dabht ar bith.

Ní raibh dreim leis ach i ndiaidh caint Mhario bronnadh gradaim air féin agus ar Aine Nic Gearailt. Bronnadh pictiúr atá ar líoin beag a rinne Robert Ballagh chun cuidiú le hairgead a bhailiú don Chultúrlann. Chuimhnigh Gearóid Mac Siacuis go raibh sí ag glacadh leis an ghradam ar son gach duine a d’oibrigh agus a oibríonn ag Lá Nua agus mar dhearbhú ar a thábhachtaí is atá sé go leanfaidh Lá ar aghaidh, faoi chruth amháin nó eile,  i ndiaidh imeacht an deontais ó Fhoras na Gaeilge.

Agus é ag cur deireadh le cúrsaí mhaígh Dónall Mac Giolla Cóil, eagarthóir ar Lá Nua, go raibh siad ann chun éisteacht le tógálaí agus chun ómós a thabhairt dó. Tithe is árais a thógann Mario, dar leis, ach sa lucht éisteachta an oíche sin bhí daoine a thóg nuachtán laethúil Gaeilge, stáisiúin raidió, Cultúrlann, siopa leabhair, compántais drámaíochta, agus fiu féin ceantar iomlán do chlanna le Gaeilge ar Bhóthar Seoighe. Gan trácht ar an fhírinne nach mbeadh ann do Shráid Bombay i mBéal Feirste ach lucht na Gaeilge tabhairt faoina atógáil i gcuideachta le daoine eile.

Chuir sin clabhsúr ar oíche mhór mhaith ach tús le plé a leanfaidh amach anseo níos faide ná aon lá ná aon oíche amháin.

Comments

Ag cothú sa Cheathrú Gaeltachta
Tuilleadh pictiúirí agus eolais ag seirbhís nuachta laethúil An Drúma Mór ag http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Ag dinnéar Cothaigh sa Chultúrlann anocht, dinnéar bliaintiúil a reáchtálann Forbairt Feirste, dúirt Tony Mc Cusker atá ag stiúir togra an Cheathrú Gaeltachta, dúirt sé gur cheart do dhaoine a bheith feargach faoi a dheacra is a bhí sé aon airgead a fháil chun an Chultúrlann a fhorbairt is a threisiú taobh leis an dóigh atáthar i ndiaidh fortune a bhronnadh ar fhorbairt an Cheathrú Titanic agus an ‘signature building’ ansin. An ceart ar fad aige. Cuireann tú ceist faoi cé chomh láidir is atá muid i bhfírinne mar phobal Gaelach nó mar phobal náisiúnach nó mar phobal atá ar son an chothromais i stát seo na Sé Chontae. Nach aige atá an ceart. Cibé bhí Mario Cucanelli, ailtire le háireamh ón Iodáil mar aoíchainteoir don ócáid. Beidh tuairisc agam ar a chaint siúd amach anseo.

Comments

Ionsaí Mumbai ina ionsaí orainne
NUACHT IS DEANAI GACH LÁ - Luan go hAoine - http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Is mó ar chuimhnigh an t-ionsaí ar Mumbai an Tet Offensive dom ná ‘gnáthionsaí’ den saghas a bhfacamar i gcathracha ar fud na cruinne, Nua Eabhrac, Iostanbúl, Madrid, Londain nó fiú Bali. Ba thubaiste míleata é an Tet Offensive a tharla i lár Chogadh Vítnaem. San ionsaí sin ghabh an Vietcong seilbh ar chuid de phríomhfhoirgnimh Mheiriceá i lár Saigon agus choinnigh smacht orthu faoi choinne roinnt laethanta. Chaill an Veitcong an dúrud fear san ionsaí ach bhain siad bua síceolaíochta iontach. Lá i ndiaidh lae bhí Meiriceánaigh ag breathnú ar scannán nuachta a léirigh trúpaí s’acu ar a gcosaint, faoi ionsaí, istigh i gceartlár Saigon. Sna háiteanna is ‘sabháilte’ acu. Bhréagnaigh an Tet Offensive gach rud a bhí ceannairí is lucht míleata Mheiriceá ag rá faoi bheith ag baint cogadh Vítnaem, faoin normáltacht a bheith i réim i mbunús na tíre.

Cibé dream a bhí taobh thiar den ionsaí ar Mumbai d’éirigh leo ar leibhéal amháin. Thug siad buille síceolaíochta eile don Iarthar, chuimhnigh dúinn nach bhfuil áit ar bith sabháilte do dhaoine as an Iarthar ná do lucht a cairdis. Níl áit ar bith ar domhan, beagnach, nach bhfuil an t-iarthar anois ann. Tá ceantracha nó ceathrúna ann i mbunús bailte, i mbunús cathracha, i mbunús tíortha, mar a bhfuil luachanna an Iarthair chun tosaigh ann. Go leor leor targaidí ag an dream ar mhaith leo sin a ionsaí. Agus in India is í Mumbai an cathair is Iartharaí dá bhfuil sa tír. Áit Bollywood, an áit a bhfuil rachmas agus lucht gnó agus daoine a shántaíonn na rudaí atá ag pobal an Iarthair. Cibé dream a d’ionsaigh Mumbai dearfainn go raibh sin ar chúl a n-intinne acu.

Dream éifeachtach a b’iad. D’éirigh leo ní amháin cúpla scor fear a bhailiú le chéile, a thraenáil, agus a chinntiú go raibh siad sásta a mbeatha a thabhairt. Ach d’éirigh leo daoine a roghnú nach raibh sásta focal a sceitheadh le cairde, ná le brathadóir ná le peas. Oibríocht mhór éifeachtach a bhí ann agus dar liom go bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leis.

Cibé dream a bhí freagrach as tá siad i ndiaidh an sceimhle, atá mar bhuanchuideachta ag pobal na Palaistíne is ag cosmhuintir na hAfganastáine agus ag bunadh briste Fallujah is Tikrit, an sceimhle sin a thabhairt a fhad le sráideanna Mumbai. Faoi mar a tugadh an sceimhle sin go sráideanna Londain agus sráideanna Madrid. Agus cá fios nach dtabharfar é feasta a fhad le sráideanna Bhaile Átha Cliath.

Tá troid le cur ar dhaoine mar iad, a dhéanann sleacht ar shibhialtaigh scun scan faoi mar a rinne gunnadóirí Mumbai.

Ach tá an díograis céanna de dhíth chun cur i gcoinne rialtais a bhfuil polasaí acu a fhágann na mílte sibhialtach marbh in ainm an ‘troid i gcoinne na sceimhle.’ Fad is go bhfuil an polasaí sin ag dul táthar ag cruthú an chéad ghlúin eile de bhuamadóirí is gunnadóirí féinmharfacha.

Comments

Cúrsa Spioradálta
Tá Cúrsa Spioradálta le bheith ar siúil i mBeal Feirste ar an mhí seo chugainn. Beidh sagairt as Cumann Íosa i mbun an chúrsa a bheith ann ar an Satharn 6 Nollaig. Beidh se ag titim amach in 'lanaulin', 141 Bóthar an Ghleanna, Béal Feirste. Beidh Díseart Lae, Machnamh, Urnaí na hEaglaise, agus Ciúineas ar an chlár agus is i nGaeilge amháin a bheidh imeachtaí an lae. Cuirfear lón ar fáil. Tuilleadh eolais ach dul i dteagmháil liomsa anseo ag eoghan@raidiofailte.com

Comments

Taispeántas na Nollag
Beidh ócáid mór i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ar an mhí seo chugainn.

Osclóidh Liam Mac Con Iomaire an taispeántas ealaíne sa Chlub ar an Luan - 1ú mí na Nollaig - ar a 7.30in.

Beidh an taispeantas sa Chlub go dtí an 23ú de mí na Nollag. Osclaíonn An Chlub gach oíche ar a hOcht a chlog.

Comments

Is mór idir blustar na bpolaiteoirí agus tírgráthoirí 1916
Tá duine de na fir is saibhre sa tir i ndiaidh a rá gur maslach é ag ceannairí polaitiúla agus eile sna 26 Chontae a mhaíomh go bhfuil sé 'unpatriotic' ag daoine dul ag siopáil sna Sé Chontae. Dar le Gerard O'Hare, ar leis an Quays Shopping Centre ar an Iúr, gur mór idir caint na gceannairí polaitiúla agus éirí amach 1916. Mhol sé do na ceannairí sin a gcaint a tharraingt siar agus chuimhnigh go bhfuil sé in am cúrsaí trádála ar an oileán a fheiceail i gcomhthéacs na hÉireann ar fad seachas mar dhá aonad scartha.

Comments

NUACHT SEIRBHÍS An Druma Mór
Tá seirbhís nuachta le fáil anois, trí uaire in aghaidh an lae, ag An Druma Mór. Seo go díreach ceann amháin de na háiseanna breise a bheith á gcur ar fáil agus An Druma Mór ag forbairt agus ag forasú. Ar na príomhscéalta atá curtha ar fáil ar an seirbhís i láthair na huaire tá scéal Woolworths, dúshlán scoile do Caitríona Ruane, sceimhle i Mumbai, tórramh Ihab Shoukri agus roinnt scealta eile.

Tá an nuacht curtha ar fáil faoi láthair ar shuíomh eile seachas mar nasc ag taobh an leathanaigh seo. Beimid ag obair sna laethanta amach romhainn chun an nuacht a bheith mar chuid de phríomhleathanach an bhlaig seo.

Deanfar Nuacht An Druma Mór a uasdhatú cúig lá sa tseachtain, Luan go hAoine, ag 9.00 ar maidin, ag 2.00 tráthnóna agus ag 5.00 tráthnóna ó

Rud a léiróidh a thábhachtaí is atá an t-idirlíon i gcúrsaí nuachta, sa mhéid is gur féidir an nuacht a thabhairt suas chun dáta taobh istigh de roinnt uaireanta a chloig. Tá an seirbhís ar fáil ag

http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Táthar ag obair air seo i rith an ama féacháil leis an nuacht a dhéanamh mar násc beo go dtí an suiomh seo ach fad is go bhfuil sin á réiteach is féidir an nuacht a fháil ach tú dul a fhad le

http://andrumamornuacht.blogspot.com

Má tá aon nuacht, go háirithe nuacht Gaeilge a ba mhaith leatsa a mholadh mar chuid den seirbhís nuachta thig dul i dteagmháil linn ag eoghan71@hotmail.com

Comments

Raidió na nÓg
Beirt dhalta as Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste a bhí ar taithí oibre ag Raidió Fáilte an tseachtain seo. D'éirigh thar barr le hAntoin Ó Brádaigh agus Maitiú Mc Cleave agus beidh na cláir a rinne siad le cloisteáil ar an raidió ar ball beag. Beirt chraoltóir den scoth atá tosaithe ar a shaol sa tionscail raidió. Nár laga Dia a nglór!

Comments

Caint ealaíonta
Adolf sna hArda, leabhar le Cois Life, an scannán Hunger, mar aon le dá leabhar i mBéarla, 'The Book Thief' le Marcus Zusak agus 'The Knife of Never Letting Go' le Patrick Ness atá le bheith faoi chaibidl ar an chéad eagrán de 'Ealaíon na Déardaoine' ar Raidió Fáilte oíche Dhéardaoine. Tosóidh an clár ar 7.00 i.n. agus mar aon leis an phainéal stiúideó, Séamus Mac Aindreasa, Janet Muller is Dónall Mac Giolla Cóil, beidh míreanna ann leis an aisteoir Pádraig Ó Tuairisc agus leis an cheoltóir Eamon Ó Faogáin. Díreach cuid dá bhfuil i ndán duit ach tú éisteacht leis an chéad eagrán de 'Ealaíon na Déardaoine' ar Raidió Fáilte, Déardaoin, 7.00 ar 107.1fm nó ar líne ar www.raidiofailte.com Má tá aon ábhar a shíleann tú go mba cheart dúinn a bheith ag tuairisciú ar Ealaíon na Déardaoine gabh i dteagmháil linn ag eoghan@raidiofailte.com

Comments

Ag iarraidh an dubh a chur ina bán
Tá John Gormley ag brath brú ar aghaidh le cosc iomlán ar bholgain solais den déanamh traidisiúnta ón bhliain seo chugainn ar aghaidh. Is dócha ón mhéid a chonaic mé go dtí seo go bhfuil sé ag cur agus ag baint den mholadh go fóill ach go bhfuil  sé maíte ar a dhéanamh cibé rud a tharlaíonn. Ní mó ná sásta atá go leor daoine sna 26 Chontae agus bíonn na seónna cainte ar raidió agus na pléchláir éagsúla lán ó shin le daoine atá ag tabhairt amach faoin mholadh. Tá ceisteanna le socrú faoi dhaoine a mbíonn fadhb sláinte acu mar gheall ar sholas ar leith. Agus caithfear a shárú fadhbanna a bhaineann le bolgáin den nua-dhéanamh a dhumpáil nuair a bheas deireadh leo. Ach tá an ceart ag John Gormley. Caithfear éirí as an chaint agus an blah blah faoi fhuinneamh agus cúrsaí glas. B'fhéidir go mbeadh praghas le híoc as gearradh siar ar an lorg carbón, as a bheith ag cloí le hardchaighdeán ó thaobh na timpeallachta. Ach bíodh amhlaidh. Íoctar an praghas seo anois nó íocfar praghas míle oiread níos measa i gcionn 20 bliain. Tá mise le Gormley ar an cheann seo. Cuirtear cosc ar na bolgáin - anois!

Comments